98 RUḊRAIĠEAĊT
“Níor ṫug,” ar Laeġ, “aċt d’aiṫin sé ḋuit-se gan dul
le fear go bráṫ aċt muna raċṫá le fear d’ḟearaiḃ Ulaḋ.”
“Déanfad an ċoṁairle sin,” ar sí, “óir ní ḃeiḋ fear
d’ḟearaiḃ Éireann agam tar éis Ċon Culainn; agus ní fágfad
an áit seo go dtig Conall Cearnaċ dom’ ionsuiḋe.”
“Ní córa do neaċ eile fanṁain le scéala ’ná ḋoṁ-sa,” ar
Laeġ; agus do ġaiḃ siad ag caoineaḋ leaṫ ar leiṫ, agus níor
leig eagla ḋóiḃ Cú Ċulainn d’aḋlacain no go mbeireaḋ Conall
Cearnaċ orṫa.
Dála Ċonaill Ċearnaiġ, tar éis Maol agus Maḋm do
ṫuitim leis, mar aduḃramair, do ċuir scéal ċum Eirc mic
Ċairbre teaċt amaċ d’a agallaṁ, agus muna dtagaḋ,
“Luiġim-sé fóm’ ḃréiṫir,” ar sé, “naċ fuil ’san mbaile
líon a ċosanta orm.”
Do hinnseaḋ san d’Earc mac Cairbre, agus do ġaiḃ a ċuid
arm agus éide uime, agus ṫáinig as an ndún amaċ go feargaċ
agus trí ċaogaid laoċ maraon leis.
“A Eirc,” ar Conall, “is saḋail suaiṁneaċ atáṫar
agat tar éis Cú Ċulainn do ṁarḃaḋ.”
“Ná bagair na spraing-ḃriaṫra san orm-sa,” ar Earc,
“óir ní ṫaḃarfar eiric ná eineaċla ann aċt béim i n-aġaiḋ
béime agus goin i n-aġaiḋ gona.”
“Is trua soin,” ar Conall, “agus naċ geoḃainn-se le n-a
n-ais ar óir an doṁain agus ar ṁaiṫeas na cruinne gan an
ceann soin ort do ḃuain díot agus a ċur ar an ngad so.”
Is annsoin d’ionsuiḋ Earc is a ṫrí ċaogaid curaḋ cleas-
lúṫṁar agus Conall a ċéile a i n-aenḟeaċt. Do rin Conall
roiṫ ró-niṁneaċ d’a loinn le sna leaṫan-ġaeṫiḃ, agus ṫug
rioġlaoċ Éireann, fear taistil an doṁain, an té nár gaḃaḋ i
gcaṫ ná i gcoṁrac riaṁ air ó ġlac arm gaisce i n-a láiṁ, go
calma curaḋta deaġ-laoċais, árd-ruaṫar naṁdaċ eas-
cáirdeaṁail fúṫa, agus do ṫuargain iad i n-a ṫimċeall go
sanntaċ sáir-ḋiaċraċ, fearaṁail, fír-neartṁar guraḃ créaċ-
taċ cnáiṁ-ġearrṫa muinntear Eirc ṁic Ċairbre ó na hurluiġe
sin gur ġaḃdar maḋm reaṫa agus mór-ṫeiċṫe agus seaċráin
gan ċéill gan ċuiṁne gan ċumas as an árd a raḃdar amuiġ
agus istiġ gur ḟágḃaḋ Earc i n-éagċoṁlann is gur ċuir Conall
an géar-ġae crainn-reaṁar i n-uaċtar a uċta agus a urḃruinne
i nEarc mac Cairbre. Do ċuir ceann na sleiġe ṫar a seim-
eanaiḃ tré n-a ċeart-ṁeaḋon, agus ṫug coilg-ḃéim laoċda
|