DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 97
Ionṁain fear, ón, ionṁain fear
le’r torċraḋ mór-ṡluaġ le seal,
Ionṁain folt fíor-órḋa fuar,
Ionṁain liom a ġruaḋ ġeal.
Mo ḃaill uile, uċ is uċ,
Is luaiṫe ’ná crainn le sruṫ;
Anois ní ḟoilcim mo ċeann
’S ní abraim gaċ am aċt Uċ!
As a haiṫle sin aduḃairt Éiṁear: “Is fada táṫar d’a
ṫaisbeánaḋ doṁ-sa go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn le fearaiḃ
Éireann, agus do tárfas dom múir Ḋúna Dealgan do ṫuitim
go talaṁ. Do ċonnarc mar scoiltfiḋe a sciaṫ ó ḃile go
bórd, agus mar do brisfiḋe a ċlaiḋeaṁ is a ċraoiseaċ i n-a
gceart-ṁeaḋon. Taiḋḃriġeaḋ dom fós Conall Cearnaċ do
ḃeiṫ d’a ṁarḃaḋ im’ ḟiaḋnaise, agus do ḃíodar, draoiṫe
Éireann, d’a ṫairngreaċt go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn le harmaiḃ
niṁe ċlainne Cailitinn agus le Luġaiḋ mac Conroi. Agus, a
Laeġ ṁic Rianġaḃra,” ar Éiṁear, “do ḃíomair ár seisear
ar aon tsliġe agus ar aon raon i ḃfoċair a ċéile; agus do
b’aoiḃinn dúinn, óir dá sirṫiḋe an doṁan uile ní ḃfaġṫaiḋe ár
n-iontsaṁail ar aon ionad .i. tusa agus Giolla na hIaḃruiḋe,
an Liaṫ Maċa agus an Duḃḟaoilean, Cú Ċulainn agus mise.
Tá sé ag briseaḋ mo ċroide im’ cliaḃ ḃeiṫ ag éisteaċt le
faoiḋe fada fíor-ṫruaiġe agus le golaiḃ guirte árda éag-
coimseaċa fear abus ban, óglaċ agus caiṫṁíleaḋ Ulaḋ ag
caoineaḋ Ċon Culainn, agus Ulaiḋ uile ’san gceasnaiḋm agus
gan de neart aca soin do ḋioġailt ar ḟearaiḃ Éireann.”
A haiṫle an ċoṁráiḋ sin do ḋéanaṁ d’Éiṁir agus do
Laeġ mac Rianġaḃra le ċéile do rin siad caoiḋe agus nuall-
ġuḃa troma tuirseaċa go nduḃairt Éiṁear: “Is dursan ár
n-iomscaraḋ le ċéile anois agus ba ṡuaiṁneasaċ ár gcoṁ-
roinn gus indiu i n-aon ionad.”
“Is fíor san,” ar Laeġ, “agus ní ḋéanfad-sa giollaiḋeaċt
d’aenneaċ d’ḟearaiḃ Éireann tar éis mo ṫiġearna ḋílis .i.
Cú Ċulainn.”
“Is truaġ liom-sa san,” ar Éiṁear; “agus, a Laeġ, ar
aiṫin Cú Ċulainn mise ḋíot, no ar ṫug aon teagasc ċum a
ṫiodlaice?”
|