96 RUḊRAIĠEAĊT
ní raiḃ bean ag fear ná gan fear i nÉirinn ná i nAlbain naċ
raiḃ ag formad liom fád’ ċeann-sa. Óir dob’ iomḋa seoide
agus maoine, cána agus cíosa do ṫugais dom’ ionsuiḋe le
neart laoċ-láiṁe seo.” Agus do ġaiḃ a láṁ i n-a láiṁ
agus do ḃí ag taḃairt a teasta agus a tuarasgaḃála féin
uirṫe go nduḃairt: “Is truaġ soin,” ar sí. “Is mór de
rioġaiḃ agus de rioġṫaoiseaċaiḃ agus de ṫréin-ḟearaiḃ an
doṁain do cuireaḋ i ndáil ḃáis agus i n-airḋeanaiḃ éaga do
luaṫ-ḃuillíḃ na laoċ-láiṁe seo, agus is mór de éanaiḃ agus
de ainṁiḋṫiḃ allta an doṁain do ṫuit léi. Is mór de
ṁaoiniḃ agus de ionṁasaiḃ an doṁain do scaoileaḋ leis an
láiṁ seo d’ḟiliḃ agus d’ollaṁnaiḃ agus do luċt iarraḋta an
doṁain go nduḃairt an laoi seo le doiṁeanmain:
“Uċ! a ċinn, ón, uċ, a ċinn,
Cé do meascaḋ tú ar an linn,
Na soċuiḋe d’a dtugais éag
Mór gcuraḋ mór gcéad, a ċinn.
Uċ! a ṡúil, ón, uċ, a ṡúil,
Do radais doiṁeanma dúinn,
Ionann ionad i mbeiḋ ár leaċt
Ionann feart a ċlaiḋfiḋear dúinn.
Uċ! a láṁ, ón, uċ, a láṁ,
Do ḃí tusa seal go sáṁ,
Minic do ċuirtiḋe fóm’ ċeann,
Uċ! do b’ionṁain leam an láṁ.
Is maiṫ liom, ón, is maiṫ liom,
A Ċu Ċulainn ċruaiḋ na mbeann,
Nár imḋeargas riaṁ do ġnúis
’S naċ dearna drúis ṫar do ċeann.
Ionṁain béal, ón, ionṁain béal,
Ba ḃlasta le hinnsin scéal.
Ó d’ḟás gean ar do ġruaḋ
Níor éarais truaġ ná tréan.
Ionṁain rí, ón, ionṁain rí,
Nár éar riaṁ fós neaċ um niḋ,
Fiċe laeṫe gus anoċt
Ó ċoṁraic do ċorp lem’ ċlí.
|