DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 95
“Do ċuala, go deiṁin,” ar sé.
“Má ċuala tú,” ar siad, “is é seo a ċeann mar liaṫróid
againne.”
“Uċ, uċ! is olc liom an ceann soin do ḃeiṫ agaiḃ mar
soin; agus tiocfaiḋ na cinn sin oraiḃ féin díḃ tré ḃur
n-iomáin ar an gceann soin.”
Iarsoin d’ionsuiḋ Conall iad go hainṁín éagcáirdeaṁail,
agus ṫug sáṫ sotal-ḃorb de’n ċúlglais ċeinn-ġearrṫa i gcorp
gaċa caiṫṁíleaḋ ḋíoḃ gur ḃa ċréaċtṁar ċoṁḟurtaċ ó na
trom-ġonaiḃ sin iad gur ḋiṫċeannuiġ Conall iad go deiṫ-
ḃreaċ ar an láṫair sin. Do ċuir an dá ċeann ar an ngad i
ndioġailt a n-iomána ar ċeann Ċon Culainn, agus aduḃairt:
“Ní liom-sa is cóir ceann mo ċarad agus mo ċoṁḋalta do
ċoṁmaoiḋeaṁ, dar liom-sa,” agus aduḃairt an laoi:
Ceann Ċon Culainn i dTeaṁraiġ
Ṫug Ulaḋ fá ḋoiṁeanmain;
Tuirseaċ mise d’éis an ḟir,
Olc liom a éag ’s a aḋlacaḋ.
As a haiṫle sin, aduḃairt Conall le Ceann Bioraiḋe:
“Imṫiġ,” ar sé, “agus beir ceann Ċon Culainn leat mar a
ḃfuil a ċorp agus Éiṁear ar Ṁaiġ Ṁuirṫeiṁne.”
“Ní ḋéanfad,” ar Ceann Bioraiḋe, “óir bíoḋ naċ
marḃóċainn aċt fear ’san ló d’ḟearaiḃ Éireann, ní ḟágfad
tusa dá marḃṫá céad gaċ lá agus céad gaċ oiḋċe.”
“Is fearr liom-sa a ċeann do ḃreiṫ ċum a ċolna ’ná san
uile,” ar Conall.
D’eiriġ Ceann Bioraiḋe iarsoin, agus rug an ceann leis go
Dún Dealgan, óir is ann do ḃí Éiṁear agus an corp, agus
ṫug i láiṁ Éiṁre an ceann, agus do ṫáinig féin ṫar ais mar
a raiḃ Conall. Do ġlac Éiṁear an ceann agus d’ḟáisc le n-a
huċt agus le n-a hurḃruinniḃ é, agus do ġaiḃ d’a ṗógaḋ go
díl agus go diaċraċ agus ag déanaṁ truaiġṁéile ós a ċionn.
Agus do ġaiḃ ag suġaḋ na fola agus ag a hól agus ag suġaḋ
a ḃeoil, agus do ċuir tlaċt saineaṁail sróill uime.
“Uċ, uċ!” ar sí, “ba ṁaiṫ snuaḋ agus searc an ċinn
seo, gé tá mar seo indiu; agus is mór de inġeanaiḃ rioġ
agus ró-ḟlaṫ an doṁain do ḃeaḋ dod’ ċaoineaḋ dá ḃfeasaidís
tú ḃeiṫ marḃ gan anam mar soin agus gan iad id’ ḟoċair.
Luċt iarraḋta óir is airgid, ionṁais agus éadála agus iad
aṫċuingeaċ ort ċoṁ maiṫ. Ó, is truaġ mise ṫar t’éis, óir
|