90 RUḊRAIĠEAĊT
Ṫáinig Conall roiṁe go Maċaire na hEaṁna agus go
hAṫ na Foraire ar Ṡliaḃ Fuaid agus go Maiġ Muirṫeiṁne,
agus, iar roċtain na Maiġe sin dó, do ċonnairc na colla
ciorrḃaiḋṫe cróiḋearga gurab líonta an ṁaġ uile ḋíoḃ idir
eaċ is giolla roiġ is ró-ḋuine, agus do ġaiḃ ag cuar-
duġaḋ na maiġe go nduḃairt: “Is mór d’ḟearaiḃ Éireann
do ṫuit lem’ ḋalta, agus do-ċím céad iomaire agus céad
marḃ ar gaċ iomaire ḋioḃ agus naċ féidir a n-áireaṁ ó ṡoin
amaċ.” Agus do ċuarduiġ timċeall na maiġe, agsu ṫárla
an Liaṫ Maċa ḋó, an tsleaġ niṁe tríṫe, tonnġal fola fá n-a
taoḃaiḃ agus carra cuinge a carbaid fá n-a leiṫ ċlí. “Do
b’annaṁ leat-sa san , a Liaṫ Ṁaċa,” ar Conall, “agus fan
liom-sa,” ar sé, “óir is mise do ṫiġearna díongḃálta tar
éis Ċon Culainn. Agus gaiḃ do ċarbad go neaċaimís do
ḋíoġailt Ċon Culainn ar ḟearaiḃ Éireann.”
Iarsoin do ḋruid Conall i gcoṁḟogus do’n Léiṫ Ṁaċa,
aċt ní ṫug sí taoḃ leis; agus do ċuaiḋ sí i measc an árṁaiġe
agus innsid eólaiġ nár ḟág sí claiḋe ná ceann cluana i
nUltaiḃ gan iarraiḋ go dtáinig go Linn an Eiċ is gur ling
inte gur báṫaḋ í. Agus ṫáinig Conall go corp Ċon Culainn,
agus do gaiḃ an corp i n-a uċt ċuige, agus do ġaiḃ ag déanaṁ
doilġis ṁóir, go nduḃairt an laoi:
Cú Ċulainn ba haṁra an ġein,
Calma eisean ó aois ḃig
Gur ṫuit le Luġaiḋ na nÁġ:
Laoċ ba fearr ná ’n triaṫ ní ṫig.
Do-ḃéarsa Luġaiḋ gan ċeann,
Atá dream d’a ḃfuil a ḋíṫ
No go scaoiltear a ċorp go n-áġ
Noċa ndiongan go bráṫ síṫ.
Doiliġ liom a ḋul ’san gcaṫ
Gan Conall i ngar d’a ṡlios;
Baoṫ do’n deaġ-ṁaċ dul ’san dtreas
Go mbeaḋ mo ċneas maraon ris.
Is é do ba ḋalta ḋom
Íḃid brain diġ as ċrú
Ní ḋiongan gáire ná gean
Ó ċuaiḋ ṫar ceal mo Ċú.
|