DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 91
“Adlacṫar Cú Ċulainn liḃ feasta,” ar Éiṁear.
“Ní déantar,” ar Conall, “no go ndioġlad-sa ar ḟearaiḃ
Éireann é agus no go dtig a ċeann d’ionsuiḋe a ċolna;
óir ní ḃfuil cóige i nÉireann i n-a ndeaċaiḋ an ceann naċ ba
héigean a ḟaġáil doṁ-sa. Agus is mór na gárṫa so a ċluinim
timċeall Eaṁna agus Maiġe Muirṫeiṁne, agus is lán cóige
Ulaḋ de ġol agus d’éagcaoine d’eis Ċon Culainn. Á! ba
ṁaiṫ an fear coimeádta críoċ an fear atá i n-a ċorp ċíorṫa
agus i n-a ċaob ċró im’ ḟiaḋnaise; agus rugadar, na trom-
ġárṫa so, mo ċiall agus mo ċuiṁne uaim, agus is maiṫ do
ḋliġid Luġaiḋ mac Conroi do ḃeiṫ ag ciorrḃaḋ Ċon Culainn,
óir is é Cú Ċulainn do ṁairḃ maiṫe Clainn Deaġa timċeall
Ċonroi ar Ṡliaḃ Mis i Muṁain. Agus is dursan liom-sa
gan Cú Ċulainn ag freagairt na n-Éiġeaṁ so agus a eiċ agus
a airide mar aon leis.”
Air sin do ġluais Conall roiṁe d’ionsuiḋe longṗuirt fear
nÉireann go hÁṫ Maoilinn ris a ráiḋtear Áṫ Ḟeirdia agus go
Gleann Mór ris a ráiḋtear Gleann mBulcain; agus ṫug
súil seaċa, agus do ċonnairc an deataċ mór do leaṫtaoiḃ
an ċonaire. “Is fíor soin,” ar Conall, “is drong éigin
d’ḟearaiḃ Éireann atá annsúd agus cuid de ḃuaiḃ Ulaḋ aca
ann.”
Do ṫáinig d’ionsuiḋe an deataiġ, agus is é do ḃí ann .i.
Connla mac Crioṁṫainn agu déanaṁ farṫa ó Luġaiḋ. Riṫeas
Connla le scéala ċum Luġaiḋ, agus d’innis dó aon ṁarcaċ
do ḃeiṫ ar an maiġ d’a ionsuiḋe. Óir is aṁlaiḋ do ḃí
Luġaiḋ ar n-a anṁain tar éis fear nÉireann d’ḟorċoimeád
dóiḃ ar eagla go dtiocfaḋ Conall Cearnaċ a gan ḟios orṫa
agus creaċa agus braiġde agus éadála aca d’a mbreiṫ as an
gcóige amaċ.
“Do ċím-se,” ar Connla, “aon ṁarcaċ d’ḃur n-ionsuiḋe
agus aon eaċ mór deaerg faoi, agus ní ḟaca riaṁ aon ṁarcaċ
is fearr do ṫimċeallas an ṁaġ ’ná é.”
“Óir is é rioġlaoċ Éireann .i. Conall Cearnaċ mac Aiṁeirġin
atá ann; agus is mairg ċum a dtig an fear soin fá ḟeirg,
óir ní ḋeaċaiḋ a ḃioḋḃaḋ slán riaṁ ar muir ná ar tír. Agus
ciḋ ba ċara ḋúinne é is eascara ḋúinn anois é, agus aduḃairt
an laoi:
|