RUḊRAIĠEAĊT
OILEAṀAIN ĊON CULAINN
Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ de ṁaiṫiḃ Clainne Ruḋraiġe de
ṡlioċt Ír ṁic Ṁileaḋ, agus iar mbeiṫ i n-a ṁacaoṁ óg áluinn
dó go mbuaiḋ croṫa agus deilḃe, innscine agus urlaḃra, do
ġaiḃ méad meanman agus aigeanta é le dul d’ḟoġluim lúiṫ
agus lánláṁaiḋ, gaoise agus gaisce fó ċrioċaiḃ an doṁain
ṁóir soir. Cioḋ do smuain seisean san, do rin tosaċ a
ḟoġlamṫa i nGleann na hUaṫ ġe ag uaṫaḋ an ġleanna i
gcóige ṁór-ġarg Muṁan i nIarṫar Ċiarraiġe. Giḋeaḋ is
beag de ḟoġluim do rin annsoin an tan ṫáinig d’ionsuiḋe a
ċríċe bunaiḋ féin arís i gCuige Ulaḋ.
Is annsoin do ċinn sé ar ḋul do’n doṁan toir ag foġluim,
agus do ṫoġair a roġa ċompánaċ do ḃreiṫ leis .i. Conall
Cearnaċ mac Aimeirgin, rioġlaoċ Éireann agus bráṫair do
Ċoin Ċulainn féin do leiṫ a aṫar agus a ṁáṫar, aṁail is
follus fós, agus Laoġaire béil-deirg Buaḋaċ, agus ba hiad
san ainmneaċa luċt cumainn agus dioġreais do ċuaiḋ leis.
Do cóiriġeaḋ leó annsoin an Ionráṁaċ .i. long Ċonaill Ċear-
naiġ, agus do ċuireaḋ leó ar an sálṁuir í agus ar an ḃfairrge
líonṁair síor-ġuirm tonn-anfaiḋ go dtug an long soin sruiṫ-
léim sanntaċ sár-luaimneaċ ’san ḃfairrge ḃfíor-ḋoiṁin.
Agus ní aiṫristear a n-imṫeaċta go rángadar i gcríoċaiḃ
áilne eoċar-ġorma Alban. Is í ba ċoṁaċtaċ agus banġaisc-
iḋeaċ ba neasa ḋóiḃ ’san gcríċ sin .i. Duireann inġean
ṁín-tsleaṁain Rioġ Alban. Do riaċtadar iarsoin d’ion-
suiḋe na hinġine, agus do ḟear an inġean fáilte ḃinn ṁilis-
ḃriaṫraċ rómpa, agus do freastalaḋ agus do friṫeálaḋ go
maiṫ aici iad. Do ḃíodar ann le haġaiḋ na hoiḋċe sin
go dtáinig solas-ṫráṫ na maidne ar n-a ḃáireaċ, agus do
ḟiafruiġ an inġean díoḃ annsoin: “Créad um a dtángaḃair,
a óga?” ar sí. “Ṫángamair,” ar siad, “d’ḟoġluim
cleasa agus gaisce ċuġat-sa.”
|