BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 87
do’n ċéad-urċar uaiḋ, agus, má’s marḃ atá, tiocfad i ngar
dó, agus mar ċífiḋ siḃ mo ċoṁarṫa tigiḋ ḋom’ ionsuiḋe.”
Iarsoin do ġluaiṡ an baḋb roimpe i rioċt fionnóige go
ndeaċaiḋ i ḃfad ós cionn Ċon Culainn i ḃfraiġṫeaċaiḃ na
firmiminte fíor-áirde, agus do ḃí ag druidim anuas i
ndiaiḋ ċéile go dtáinig i ngar dó agus gur leig trí scréaċa
ós a ċionn, agus do ṫúirling ar a scéiṫ. Mar do ċonnarc-
adar, fir Éireann, san d’ionsuiġeadar féin é, agus is aṁlaiḋ
do ḃí Cú Ċulainn agus a ċlaiḋeaṁ noċtṫa i n-a láiṁ ḋeis aige.
Agus do ḃí de curantas ’san láiṁ sin ná féadfaḋ fir Éireann
an claiḋeaṁ do ḃuaint aisti agus é marḃ, ná a ḋorn d’oscailt.
“Gearrtar lúṫaċ na láiṁe aige,” ar Luġaiḋ mac Conroi,
“agus tuitfiḋ an claiḋeaṁ aisti.” Do gearraḋ lúṫaċ na
laoċ-láiṁe annsoin, agus do ṫuit an claiḋeaṁ coṁtrasna
uaiḋ; agus na trí fiċid mac rioġ a ḃí láiṫreaċ ċum na
láṁa do ġearraḋ de Ċoin Ċulainn do scar an claiḋeaṁ a
dtrí fiċid láṁ léo; agus is iad soin na héaċta diaḋnaċa do
rin Cú Ċulainn.
“Diṫċeanntar Cú Ċulainn liḃ,” ar Meaḋḃ. D’ḟiafruiġ-
eadar, fir Éireann, cia d’ar ċóir a ḋiṫċeannuġaḋ. “A
Luġaiḋ,” ar Meaḋḃ, “is leat-sa Cú Ċulainn do ḋiṫċeann-
uġaḋ, óir is é do ṁairḃ t’aṫair.”
D’eiriġ Luġaiḋ iarsoin, agus do ḋiṫċeannaiġ sé Cú Ċulainn
agus iar n-a ḋiṫċeannuġaḋ ḋó, leigeadar trí gárṫa móra
ag coṁmaoiḋeaṁ a gcoscair. Annsoin d’eirġeadar, daṫa
áilne iongantaċa, do ċeann Ċon CUlainn, agus ṫáinig niaṁ
ró ḋeallraṫaċ i ngruaḋ leis ionnus gur ċoiṁḋearg le gréin
ṫar fáin-ġleanntaiḃ í agus gur ċoiṁġeal le sneaċta aḋḟuar
aon-oiḋċe an dara gruaḋ de.
Do rineadar, fir Éireann, coṁairle annsoin d’a ḟéaċain
cá ċóige i nÉireann a mbéarṫaiḋe an ceann soin Ċon Culainn,
agus aduḃradar ó’s le Meiḋḃ do rineaḋ an sluaġaḋ gurab í
dliġios an ceann do ḃreiṫ léi go Cruaċain.
“Ní ḃéar-sa liom é,” ar Meaḋḃ, “aċt beireaḋ Earc
mac Cairbre leis é, óir is é imleacán oireaċtais Éireann
Teaṁair.” Do rug Earc an ceann leis go Teaṁair.
Annsoin d’imṫiġeadar, fir Éireann, d’a gcóigeaḋaiḃ is
d’a gcoṁrannaiḃ féin, agus d’órduiġeadar a gcaiṫṁíleaḋa
d’ḟágáil d’a n-éis ar eagla Ċonaill Ċearnaiġ do ḃreiṫ orṫa.
|