BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 85
ḟoilean agus do ċuir an carbad ar an Léiṫ Maċa agus an
tsleaġ eile tríṫe agus í ar fuaid an ċaṫa.
Do ling Cú Ċulainn as an gcarbad agus do ċuaiḋ fó ḟearaiḃ
Éireann agus do ḋian-scaoileadar uile roiṁe. Do ġaḃdar
soir is siar, ba ḋeas agus ba ṫuaiḋ, agus níor leoṁadar ḃeiṫ
i ḃfoigse buille an urċair dó. Do ḃí a ionaṫair le n-a
ċosaiḃ, agus do ṫúirling brain-ḟiaċ béal-uaṫṁar borb-
ġlóraċ ar na hinneaḋaiḃ go dtárla cam-lúb d’a ċaolánaiḃ fá
ċosaiḃ an ḟiaiġ, agus do ṁuiḋ a ġean ġáire ar Ċoin Ċulainn
ar n-aiṫne ḋó gurab é a ġáire ḋiaḋnaċ é. Ṫángadar neoil
an éaga d’ionsuiḋe Ċon Culainn agu do ġluais roiṁe d’ion-
suiḋe loċ-ṫobair a ḃí i gcoṁḟogus dó, agus gaḃas d’a
niġe agus d’a ṫanaċaḋ féin gurab air sin adeirtear Loċán
an Tanaċṫa leis ó ṡoin i leiṫ.
An uair ċonnairc Laeġ mac Rianġaḃra an ṁaġ d’a foll-
ṁuġaḋ agus an sluaġ d’a ṡeaċnaḋ agus Cú Ċulainn d’a
ḟoṫragaḋ féin is ag leigean uisce tré n-a ċréaċtaiḃ ṫáinig
d’a ionsuiḋe; agus mar ċonnairc Cú Ċullain ċuige é gaḃas
lúṫġáir ṁór é agus do ġaiḃ ag córuġaḋ is ag ceangal a
ċréaċt go raḃdar ag teilgean fola fír-ḋeirge ḋíoḃ ionnus
go raiḃ an loċ-ṫobar linn-uaine i n-a fuil ċróiḋeirg. Ní
fada do ḃí aṁlaiḋ sin go dtáinig an doḃarċú ag ól na fola,
agus mar do ċonnairc an ċuraḋ ċalma crú a ḋoirp d’a hól
ag an gcoin gaḃas cloċ ċuige agus ṫug urċar ar amas na
con gur ṁairḃ í.
“Beir buaḋ agus beannaċt, a Ċú Ċulainn,” ar Laeġ mac
Rianġaḃra. “Ní ṫugais urċar mearḃaill, agus ní ṫáinig
do ṡaoġal fós, agus dioġail tú féin ar ḟearaiḃ Éireann.”
“Is truaġ san a Laeġ,” ar Cú Ċulainn. “Ní ṁuirḃ-
fiḋear duine ná ainṁiḋe liom-sa go bráṫ d’a héis siúd, óir
ba ċú mo ċéad-éaċt agus is cú m’éaċt diaḋnaċ.” Agus
aduḃairt: “Beir leat mé, a Laeġ ionṁain, d’ionsuiḋe na
carraige cloiċe úd ṫall os do ċoṁair gurab ann do ġeoḃad
bás; agus deisiġ m’arm orm, agus an ḟaid do ċífiḋ fir
Éireann mé mar soin ní leigfiḋ eagla ḋóiḃ teaċt im’ġoire
ċum mé do ḋíġċeannaḋ go mbeiriḋ Conall Cearnaċ orṫa
faoi sin.”
Air sin do ġluaiseadar rómpa, agus níor leoṁuiġ Laeġ
buain leis ná dul i gcaḃair dó. Iar roċtain dóiḃ gus an
ċarraig do leig a uċt uirhte, agus do ḃuail láṁ ar a ċroiḋe,
|