84 RUḊRAIĠEAĊT
Dála Laeġ mic Rianġaḃra, do ġaiḃ ag ceileaḃraḋ do Ċoin
Ċulainn, agus ṫáinig roiṁe go tuirseaċ doḃrónaċ, agus
gé do ḃí ag déanaṁ na ceileaḃra soin ba leasc leis é. Óir
níor ṁaiṫ leis imṫeaċt uaiḋ an ḟaid a ḃí de neart ann
anṁain i n-a ṡeasaṁ; agus do ġaiḃ ag féaċaint i n-a ḋiaiḋ
ar gaċ faġairt do ḃeireaḋ Cú Ċulainn go cróḋa cleas-
lúṫṁar fá ġiollaḋaiḃ ḃfear nÉireann agus fá n-a ndaoscar
ṡluaġ. Do ġaiḃ go gáiḃṫeaċ grod-urlaṁ ag cleas-ḃualaḋ na
ngiollaiḋe; agus ṫug ionsuiḋe aṫġarḃ ar a gcuraḋaiḃ d’a
n-éirleaċ agus d’a n-aṫċumaḋ gur ṫuit giolla agus leaṫ
ġiollaḋa ḃfear nÉireann leis i ḃfiaḋnaise Laeġ mic
Rianġaḃra.
Ṫáinig as san fó ḟearaiḃ Éireann go raċtṁar ruaṫar-
ḃorb, agus níor ġaiḃ curaḋ ná cuṁdaċ leis ionnus gur ġaiḃ
d’a dtraoċaḋ agus d’a dtreascairt d’a ḋeis agus d’a ċlé
go ndearnaiḋ cumasc tríoṫa agus ṫarsta gur ċuir i n-aon
ṁaiḋm suiḃail agus seaċráin iad ċum sír-ṫeiċṫe. Agus
gaḃas rómpa agus i n-a ndiaiḋ agus do gaċ taoiḃ díoḃ d’a
leadraḋ agus d’a luaṫ-ṁarḃaḋ gur ṫuit fear agus leaṫ
a ċneaḋ agus a ċréaċt féin. Agus fós ní raiḃ aon duine
de’n leaṫ eile gan easba coise no láiṁe, no leaṫ-ṡúil no
bioṫ-ainiṁ éigin eile air go críċ a ḃeaṫa.
Mar do ċonnairc Meaḋḃ Ċruaċna na hára is na heasbaḋa
is na héaċta aḋḃal-ṁóra san ag Coin Ċulainn d’a ndéanaṁ
ar ḟearaiḃ Éireann d’ḟiafruiġe de ġuṫ árd-ṁór aiḋḃseaċ cá
raiḃ Luġaiḋ mac Conroi?
“Atáin annso,” ar Luġaiḋ.
“Do ġeallais dom,” ar sí, “go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn
do’n tsleiġ niṁe do rineaḋ le Ḃulcan gaḃa ifrinn duit.”
“Má do ġeallas,’ ar Luġaiḋ, “is cóir a ċoṁall duit
má’s féidir é.”
Air sin, d’eiriġ Luġaiḋ go laoċda leoṁanda do’n láṫair
sin le gríosaċt Meiḋḃe, agus do ġaiḃ an ċraoiseaċ ċró-
ḟairsing ċrann-reaṁar ċaṫaċ is ṫug urċar fír-neartṁar
go colgaċ coiṁdíreaċ do’n ċaiṫṁíliḋ go dtárla don ġae
ḋoilḃṫe ḋraoiḋeaċta soin go ndeaċaid go n-a seiṁeaḋaiḃ
’san Duḃḟaoilean agus ṫug ainiċréaċt eile ar Ċoin Ċulainn
go rug an tsleaġ a hurlann tríd do’n ċor soin. Aċt do
ṫarraing sé an tsleaġ as féin agus do scuir sé an Duḃ-
|