BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 81
“A Laeġ ṁic Rianġaḃra,” ar sé, “leig broid ar an eaċraiḋ,
agus taḃair clár clé an ċarbaid leó, agus tair timċeall
ḃfear nÉireann.” Leis sin do ġaiḃ confaḋ caṫa agus móir-
ḟeirge Cú Ċulainn agus do ċriṫniġ a ḃaill ó ḃonn go baṫas,
agus ṫángadar, a ṡula is a ioscada, roiṁe agus a ġlúna is a
lorgain i n-a ḋiaiḋ, agus ṫáinig mórán eile siaḃarḋaċta ḋó
ná háirṁiġtear annso. Annsoin ṫug Cú Ċulainn cruinn-
ċleas céad, toirnċleas ḋá ċéad, toirnċleas trí ċéad,
ċeiṫre ċéad, ċúig ċéad, óir níor ḃ’ḟuláir leis oiread san
d’ḟearaiḃ Éireann do ṫuitim leis de gaċ coinsgleó do
ḋíoġailt a n-uilc agus a n-éagcóra ar a eascáirdiḃ.
Ṫugadar seól trom ar an gcarbad annsoin gur ḃa leór de
ḋíon agus de aindíon an ḟaid do ċuaiḋ roiṫ an ċarbaid i
dtalaṁ gur eirġeadar cloċa agus carraige na talṁan i
n-áirde ris na roṫaiḃ; agus do ċeartuiġ é féin i dtimċeall
fear nÉireann go ná raċaidís uaiḋ soir ná siar ar teiċeaḋ,
agus ṫug luaiṫ-eascairt bioḋḃa mná ḋóiḃ agus fágas druim
ar ḋruim i n-a gcorpaiḃ marḃa iad gur ḃa linnte fola fír-
ḋeirge gaċ ionad a ngaḃdar, ionnus go mba líonta Maġ
Muirṫeiṁne de ċorpaib marḃa an oiḋċe sin. Óir níor
imṫiġ neaċ díoḃ uaiḋ gan marḃaḋ, gan conáċ no cneaḋ no
coṁarṫa léise no lorgan no bioṫ-ainiṁ éigin go críċ a mbeaṫa.
D’imṫiġ féin slán uaṫa, agus ṫáinig do’n ṫaoiḃ ṡiar de n-a
sluaġaiḃ agus do ġaiḃ a ċrann taḃaill ċuige, agus aduḃairt:
“A Laeġ,” ar sé, “tionóil cloċa na talṁan agus na maiġe
ċuġam go gcaiṫinn as mo ċrann taḃaill le sna sluaġaiḃ iad.”
Do rin Laeġ san gur ġaiḃ Cú Ċulainn dóiḃ go nár leig
suan ná socraċt dóiḃ an oiḋċe sin ná go ceann seaċt lá agus
seaċt n-oiḋċe aċt aṁail do ḃeidís beaċa i mbéal cuirceoige
lá foġṁair no saṁraiḋ.
Is aṁlaiḋ do ḃiodar, fir Éireann, ó’n dtoirnċleas timċeall
ċuaird treaṫan-ṁor ṫug Cú Ċulainn orṫa ionnus go mba
haon-ṁaḋm coitċeann dóiḃ uile roiṁe. Agus ní ġaḃaḋ
cead sciaṫ ná luireaċ, caṫḃarr ná craoiseaċ le sioṫ-
ṁaḋmaiḃ sár-luaṫa doċosanta na curaḋ lán-ċalma .i. Cú
Ċulainn.
Mar do ċonnairc Meaḋḃ Ċruaċna san, do ġaiḃ ag
aiṫisiuġaḋ an tsluaiġ agus ag gríosaḋ rioġraḋ Éireann i
n-aġaiḋ Ċon Culainn. Mar do ċualaiḋ Maicniaḋ mac Finn
sin, ṫáinig i gcoinne Ċon Culainn agus ṫug urċar d’a leaṫan-
|