82 RUḊRAIĠEAĊT
ċraoisiġ d’ionsuiḋe na curaḋ go coilg-ḋíreaċ go dtárla i
mullaċ a ġualan deise ionnus gur ḃa réabṫa ronnta ró-
leadarṫa a ġeal-ġuala ó ruaṫar an reaṁar-ġai agus gur ḃa
créaċtaċ cneas-oscailte an Liaṫ Maċa do’n urċar an ndul
tríṫe go talaṁ.
An ḟaid do ḃí Cú Ċulainn ag sreang-ṫarraing na sleiġe
as an gcréaċt ṫug Earc mac Cairbre urċar díreaċ deaġ-
ḟreastail d’a ionsuiḋe go dtárla an géar-ġae i mullaċ a
ġualan clí do’n ċaiṫṁíliḋ go rug lán a faoḃair d’a rioġualan
léi. Do ḃí Laeġ mac Rianġaḃra i ḃfogus dó go dtárla an
tsleaġ ḋó go dtug ainiċréaċt air. Agus an ḟaid do ḃí Cú
Ċulainn ag tarraing na sleiġe as an ngiolla do ṫeiċeadar
na hóig-rioġa soin uaid, agus do follṁuiġeaḋ láṫair dó,
“A Ċú Ċulainn,” ar Laeġ, “is marḃ mise do’n urċar so,
agus níor goineaḋ mé i gcaṫ ná i gcoṁrac riaṁ roiṁe seo.”
“Uċ, uċ!” a Laeġ, “augs tioḋlacṫar mise leat sula
dtuitfiḋ tú féin i dtaisíḃ ná i dtáiṁnéalaiḃ,óir atáiim ag
dul i n-anḃfainne. Do ṡiuḃlas an doṁan id’ ċuideaċtain,
agus níor leóṁuiġ neaċ fuiliġaḋ ná foirḋeargaḋ orm go
dtí indiu. Agus, dar liom anois, atá snuaḋ ḋuine no ġiolla
gan iġearna orm, agus is doiliġ liom ár scaraḋ, a ṫiġearna
ḋílis, agus a ċoṁċumainn mo ċroiḋe,’ ar Laeġ.
“Beir buaiḋ agus beannaċt,” a Laeġ ionṁain,” ar Cú
Ċulainn, “óir ní ḃfuair triaṫ ná tiġearna riaṁ, agus
ní ḃfaġaiḋ go bráṫ giolla ba fearr ’na tú. Agus do ḃeirim-
se fóm’ ḃriaṫar go gcluinfid fir Éireann mar do ḋioġlad-sa
tusa orṫa ar maidin i mbáireaċ i Maiġ Muirṫeiṁne. Ó’n
lá ṫárlamair i gcumann le ċéile ní ċuala aenneaċ díom-
buiḋeaċ díot de ló ná d’oiċe ó ṡoin go haois na huaire seo.
Agus do ḃeirim mo ḃeannaċt duit féin is d’Éiṁir, agus
innis do’n rioġain ná tréigfinn-se í ar a ḃfuil de ṁnáiḃ ’san
gcruinne dá mbeinn beó,” agus aduḃarit an laoi seo le
doimṁeanmain .i.
Éiriġ, a Laeġ, fá mór scéal
Agus gurab soirḃ do ṡéad;
Innis d’Ultaiḃ go n-a gcloinn
Mar do ḟágḃais Cú Ċulainn.
|