80 RUḊRAIĠEAĊT
ndiaḋ aon tioḋlaicṫe d’a dtugas uaim riaṁ roiṁe seo, agus
ní raċad i n-a ḋaiḋ sin anois.’
Giḋeaḋ do ṫúirling Laeġ, agus do ṫóg an tsleaġ, agus do
ṫángadar rómpa d’ionsuiḋe fear nÉireann. Agus ba ċlos
’san longṗort a raḃdar, fir Éireann, Cú Ċulainn do ḃeiṫ d’a
n-ionsuiḋe. An uair do ċulaiḋ Luġaiḋ mac Conroi sin,
aduḃairt: “Raċad féin d’a ḟéaċain.”
Ṫáinig Luġaiḋ d’ḟéaċain croṫa agus deilḃe Con Ċulainn
agus aduḃairt ag taḃairt a ṫuarasgaḃála ós árd d’ḟearaiḃ
Éirean: “Do ċím ċuġaiḃ,” ar sé, “carbad féiġ foluaim-
neaċ fionn-druine go mbuaḃail uaine go dtarḃ-ċlár uṁaiḋe
mar luas ḟáinle no siḋe gaoiṫe, agus eaċ liaṫ lúṫṁar luaiṫ-
léimneaċ fódṁar forránta go lúṫ ċeiṫre gcrú go mbéim-
eanaiḃ splancaṁla teine treaṫan-ruaiḋe agus eaċ eile
caol-ċosaċ ceann-ḃeag cas-ṁongaċ maol-ċluasaċ agus giolla
doinn-ḟionn daṫ-ċorcra i ḃarraḋ an óglaiġ, aṁail buḋ rós
dearg-líṫe a aiġṫe agus ceannċoċall sróill uime agus é ag
treóraḋ na n-eaċ san ar gaċ leirg ba háil leis féin.”
Annsoin ṫáinig Luġaiḋ i ndáil ḃfear Éireann agus
aduḃairt leó eirġe; “óir,” ar sé, “atá Cú Ċulainn cos-
caraċ caṫḃuaḋaċ coiṁṫiġeaċ ċuġaiḃ; agus is mairg sluaġ,
mairg fir, mairg mná mairg macaoṁa, mairg inġeana, mairg
tír ċum a dtig an fear foirtil beó flaiṫeaṁail feaḋm-
láidir dána díscir deaġ-ṫapa mór-ċroiḋeaċ meanmnaċ
mórḋálaċ soin.”
D’eirġeadar ċeiṫre ollċóige Éireann i gcrioslaċaiḃ a
sciaṫ agus a luireaċ annsoin, agus do ċóiriġeadar iad i n-a
gcipíḃ coṁḋlúṫa caṫa fá ċoṁair Ċon Culainn, agus d’eiriġ
Meaḋḃ Ċruaċna agus do ġaiḃ na hairm niṁe a ṫugadar,
clann Ċailitinn ċuirpṫe leó go hÉirinn fá ċoṁair Ċon Culainn
do ṁarḃaḋ. “Ca ḃfuil na trí rí atá im’ ḟarraḋ-sa ar na
sluaġaiḃ so?” ar sí, “.i. Luġaiḋ mac Conroi, Macniaḋ mac
Finn agu Earc mac Cairbre?”
“Atáimid annso,” ar siad.
“Ag so ḋíḃ,” ar Meaḋḃ, “na hairm niṁe d’a ḃfuil i
ndán Cú Ċulainn do ṫuitim leó, ag glacaiḋ ċuġaiḃ-se iad,
agus dioġlaiḋ ḃur n-aṫreaċa agus ḃur mbráiṫre ar Ċoin
Ċulainn.” Iarsoin ṫug sí sleaġ i láiṁ gaċ laoiċ-ṁíleaḋ
ḋíoḃ.
Is annsoin do ċonnairc Cú Ċulainn fir Éireann uaiḋ.
|