BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 73
ċóiriġaḋ agus a ċleasa d’inneall go luaṫ. Ṫáinig Laeġ
roiṁe do ġaḃáil na n-eaċ, agus ní ṫáinig aon uair riaṁ ba
ṁeasa leis agus ba leisc leis a ngaḃáil ’ná an traṫ soin.
Agus do ċroṫ srianta os coṁair na n-eaċ, aċt do ṫeiċeadar
uaiḋ; agus do ṡeaċain an Liaṫ Maċa é, agus do ḃí sí fraoċḋa
fír-niṁneaċ leis.
“Uċ, is truaġ san,” ar Laeġ. “Mana mór-uilc doṁ-sa
agus duit-se tusa do ṫeiċeaḋ roṁam-sa, a Liaṫ Ṁaċa, agus
tá an t-olc i ngar doṁ-sa mar atá duit-se, óir is ionann
suḃċas agus duḃċas dúinn agus do b’annaṁ liḃ-se naċ i
gcoinniḃ na srianta do riṫfeaḋ siḃ.” Agus do ḃí Laeġ ag
agallaṁ leis an Léiṫ Maċa, agus aduḃairt a ṫeastas féin
uirṫe. “Ba ró-annaṁ leat-sa, a Liaṫ Ṁaċa,” ar sé,
sian-ġárṫaċ agus cuing do ċarbaid do ċuarduġaḋ, óir ba
ṁear le mór-ċaṫaiḃ tú agus ba héadtrom mear-aigeantaċ i
n-aontaiġiḃ agus i n-oireaċtasaiḃ tú, agus ba ḃreaġ soġaḃála
le hionsuiḋe sluaġ.” Giḋeaḋ níior ḟan an Liaṫ Maċa an tan
san leis, agus d’innis sé sin do Ċoin Ċulainn. Tig Cú
Ċulainn féin d’a gaḃáil, agus níor ḟan leis; agus ba ċoṁ-
mór le maodorn riġṁíleaḋ na braona fola do sileaḋ ṫar a
gruaḋaiḃ do’n Léiṫ Maċa.” Ṫáinig Laeġ mac Rianġaḃra
do ṫaoiḃ eile de’n Léiṫ Maċa, agus aduḃairt: “A Liaṫ
Ṁaċa,” ar sé, “is córa duit maiṫ do ḋéanaṁ indiu ’ná
roiṁe seo riaṁ,” agus aduḃairt an rann so:
A Liaṫ Ṁaċa ṁearaḋḃal
Mór gcaṫ riaṁ air ar imris
Córa ḋuit móir-ṁeanma indiu
’Ná gaċ lá riaṁ do rinis.
D’ḟan an Liaṫ Maċa leis an tan soin; agus do gaḃaḋ an
duḃḟaoilean agus do cuireaḋ an carbad orṫa. Do ġaiḃ Cú
Ċulainn ar inneall a ċleasa gaile agus glan-ġaisce, a airm
agus a iolḟaoḃair .i. uḃall-ċleas agus cleitin-ċleas agus
cleasa eile naċ áirṁiġtear annso. DO ling i n-a ċarbad gan
ċeaduġaḋ do neaċ d’a raiḃ i n-a ṫimċeall, agus do ṫuiteadar,
a airm, uaiḋ fán n-a ċosaiḃ ’san gcarbad go ndeaċadar as a
gcóiriġṫiḃ siuḃail agus as a n-ionadaiḃ iombuailte, agus ba
ṫuar droċ-ḟáistine agus cailleaṁna ḋóiḃ uile an niḋ sin
d’imṫeaċt ar Ċoin Ċulainn.
|