66 RUḊRAIĠEAĊT
Dún Dealgan agus Maċaire Ua gConaill leó. Agus ṫángadar
clann Ċailtinn, ċum ḃfear nÉireann, agus do laḃair meaḋḃ
Ċruaċna leó, agus is eaḋ aduḃairt: “Do ġeallaḃair dúinn,”
ar sí, “go dtiiuḃraḋ siḃ Cú Ċulainn d’ár n-ionsuiḋe fá ċeann
trí lá agus trí oiḋċe.”
“Má do ġeallamair,’ ar siad, “coṁlíonfam gan
ċontaḃairt.”
Is annsoin do ṫángadar, clann Ċailitinn, agus ba hé seo
a dturasgaḃáil .i. trí baḋba seirgṫe siuḃlaċa siaḃarṫa
saoḃ-ġlúineaċa agus trí haimidiḋe duḃa duaiḃseaċa droċ-
ḋaṫaċa dian-ġáiḃṫeaċa diabliaḋe dealḃ-ġránda, agus do
ġluaiseadar rómpa go réimeaṁail ró-éadtrom le foluaṁain
na gaoiṫe no go rángadar go hEaṁain Maċa, agus do ṡuiḋe-
eadar, na trí haimidiḋe fiosaċa fuaṫṁara fíor-ġránda san,
ar ḟiaṫċe na hEaṁna, agus do ḃuaileadar ar úir na talṁan
do ḃuaint is do ṫoċailt i n-a dtimċeall go ndearnadar
iliomad de ṡluaiġtiḃ agus de ṡoċraidíḃ ar an ḃfaiṫċe de
ġasánaiḃ siuḃlaċa sanais, de ḃolgánaiḃ béice agus de
ḋuilleaḃraiḃ daṫ-áilne daraċ agus de ḃarraíḃ beiṫe.
Do ċulaiḋ Cú Ċulainn gáir na gcaṫ is na gcoṁlann ag lot
is ag luaiṫ-ṁilleaḋ na críċe, agus is é do ḃí ag coimeád
Con Ċulainn an tan soin .i. Geanann Graḋṡolas mac
Caṫḃaiḋ. D’ḟéaċ Cú Ċulainn amaċ, agus do ċonnairc na
caṫa ag coṁṫuargain a ċéile gan ċoigilt; agus mar do
ċonnairc do himdeargaḋ go haġaḋ-náireaċ uime. Do líon
buinne borb-neartṁar feirge agus raċt meanman mear-
aigeanta ’san gcuraḋ, agus do ṗreab i n-a ṡeasaṁ. Air sin
d’iaḋaiḋ Geanann Gruaḋṡolas a ḋá láiṁ leaḃaire lánĠasta
go harraċtaċ timċeall Ċon Culainn, agus do ċuir i n-a ṡuiḋe
arís é.
“Truaġ san, a Ġeanainn,” ar sé. “B0ḟearr liom ’ná ór
an doṁain agus maiṫeas na cruinne timḋiḃe mo ṡaoġail do
ṫeaċt roiṁ an gcoiṁġleó seo do ċluinim; agus beiḋ aiṫis
ḟiaḋnaċ d’a innsin orm dom’ éis, óir tá an sean-ḟocal ann
gur buaine blaḋ ’ná saoḃal.”
“Leig sin ṫart, a Ċú Ċulainn,” ar Geanann, “óir ní ḃfuil
aċt saoḃluċt siaḃarṫa dsiḋe annsúd a leigeas sianġárṫa
duaiḃseaċa draoiḋeaċta d’ar ḋealḃadar, clann Ċailtinn
ċlaoin-ṁillte, fáḋ’ ċoṁair-se, dod’ ċealgaḋ agus dod’
ċoṁḃuaiḋreaḋ.”
|