60 RUḊRAIĠEAĊT
Is annsoin do gluaiseadar an seisear siaḃarṫa seirg-
ġnéiṫeaċa saoiḃ-ṡuiḃlaċa sin clainne ciorrḃaiṫe Cailitinn
rómpa, agus do ċuadar go hAlbain, agus do ḃíodar trí
bliaḋna inte. Do ċuadar as soin go Sacsaiḃ, agus do
ḃíodar ḋá ḃliaḋain eile ann ag foġluim draoiḋeaċta agus
diablaiḋeaċta. Téiġid as soin do’n Ḃaoibliolóin, agus do
ṡuḃlaiġeadar ar ḋraoiṫiḃ an doṁain ó eirġe gréine go háit a
fuinniḋ agus déanaṁ foġlamṫa go rángadar i gcríoċaiḃ allṁurḋa
ifrinn, agus do ḃíodar bliaḋain i ḃfoċair Ḃulcain .i. gaḃa
ifrinn, agus do rin airm dóiḃ .i. trí sleaġa agus trí sceana
agus trí claiḋṁte.
“Ag sin díḃ ḃur n-airm,” ar sé, “agus deiniḋ imṫeaċt
leó, agus tuitḟiḋ trí rí le sna trí sleaġaiḃ slinn-ġéara sin,
agus is iad trí sleaġa is mó niṁ agus urċóid do rineaḋ
liom-sa riaṁ iad, óir is oirḋearc na trí rí ṫuitfiḋ leó.”
Agus aduḃairt an laoi:
Ag soin ḃur n-airm áiġ
A ċlann Ċailitinn ċáiḋ;
Tuitfiḋ leó cé caoṁ a ġné
Cú Ċulainn Ṁuirṫeiṁne.
Ainmne ḃur sleaġ le cur caṫ
Gaoḋ is Áġ is Urċra
Ainmne ḃur gclaiḋeaṁ go mblaḋ
Lot is Leónaḋ is Leadraḋ.
Tuitfiḋ liḃ an Ċú ċeárdaċ
Ċneaḋaċ ċréaċtaċ caṫḃuaḋaċ,
Aon ṁac Deiġċine gan on,
Ar ḃur gcionn ṫuaiḋ atá san.
Is annsoin aduḃairt Ḃulcan leó: “Muirḃfiġear trí rí
le sna trí sleaġa soin .i. Cú Ċulainn rioġaisciḋeaċ eireann;
Laeġ mac Riangahḃra .i. ríhiolla Éireann, agus an Liaṫ,
Maċa .i. riġ-eaċ Éireann.”
Do ċeileaḃradar clann Ċailitinn annsoin do Ḃulcan, agus
do ġluaiseadar le seólaḋ na gaoiṫe glórṁaire, agus ní coṁ-
nuiḋe do rineadar go rángadar faiṫċe féar-uaine Cruaċna i
gcríoċaiḃ comáilne Ċonnaċt. Dála Meiḋḃe Cruaċna, d’eiriġ
sí go moċ de ló agus de lán-tsoillse an lae sin, agus do
ċonnairc sí na haimidiḋe iongantaċa aduaṫṁara amuiġ ar
|