BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 59
Ṫárla dom coṁrac ṫar tille
Ba ḋoiliġe liom ’ná soin uile.
Is é do ṫoll mo ṫaoḃ slán
Coṁrac Ḟeirdia mic Ḋuḃáin.
Gonaḋ é sin coṁrac Feirdia agus Con Ċulainn go nuige
seo.
IV
BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE
Feaċt n-aon d’a dtángadar uaisle uile Éireann go hEaṁain
Maċa go suḃaċ soiṁeanmneaċ, agus ṫáinig Cú Ċulainn mac
Suḃaltaiġ go Dún Dealgan iar mbreiṫ mbuaiḋ coscair agus
coṁmaḋma ar ḟearaiḃ Éireann i gcaṫ gáiḃṫeaċ Ḟinneaḃra,
i gCaṫ Rois na Rioġ ós Bóinn agus i ngaċ caiṫ eile d’a dtárla
ḋó. Óir ní raiḃ ceist áġa ná éaga ná oiḋeaḋa air ó
ṫuiteadar san leis.
Is aṁlaiḋ d’ḟág Cailitinn a ḃean taoḃṫrom torraċ an t-am
soin, agus an uair ṫáinig am tuisṁiġṫe a toirrċeasa
ḋi, do rug sí seasear clainne do’n toirḃeart soin .i. triúr
mac agus triúr inġean. Agus ṫáinig Meaḋḃ Cruaċna inġean
Eoċaḋa Feidliġ .i. Bainrioġaon Ċonnaċt d’a n-ionnsuiḋe agus
do rin sí aimidiḋe tuaṫ-ċaoċa díoḃ, óir do ḃain sí a leaṫ-
ċosa deasa agus a leaṫ-láṁa clí ḋíoḃ; agus do leasuiġeaḋ
agus do hoileaḋ iad go raḃdar i gcionn a seaċt mbliaḋan.
Iar mbeiṫ ’san aois sin dóiḃ, ṫáinig Meaḋḃ d’a n-ionnsuiḋe
arís, agus is eaḋ aduḃarit: “An ḃfuil a ḟios agaiḃ,” ar sí,
“cia ṁairḃ ḃur n-aṫair?”
“Atá a ḟios againn,” ar siad-san, “gurab é Cú Ċulainn
mac Suḃaltaiġ do ṁairḃ é.”
“Is fíor san,” ar Meaḋḃ, “agus deiniḋ-se imṫeaċt
ar fuaid an doṁain do ḋéanaṁ foġlamṫa, agus ionsuiḋiḋ na
draoiṫe is oirḋearca ar doṁan, agus deiniḋ fios agus
draoiḋeaċt d’ḟoġluim uaṫa.”
|