COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN 57
Ní hurasa taoḃ re troċ
Gluaisios go moċ ós áṫ,
Rem’ ḋaltán saor seang
Do ċlaon Meaḋḃ mo láṁ.
Meaḋaiġ m’easna fúiḃ,
Mo ċroiḋe-se is mo ċrú,
Má ró-éaras báiḋ
Torċair mé, a Ċu!
Ṫug Cú Ċulainn siḋe d’ionnsuiḋe Feirdia annsoin, agus
d’iaḋaiḋ a ḋá láiṁ leaḃaire lán-láidre i n-a ṫimċeall, agus
do ṫóg leis é idir arm is earra is éide ṫar an áṫ anonn.
Leigios Cú Ċulainn Feirdia ar lár annsoin, agus tuitios féin
i dtáiṁ-néaltaiḃ ós a ċionn.
Ód’ ċonnairc giolla Ċon Culainn an niḋ sin, aduḃairt:
“D’eiriġeadar fir nÉirinn d’ár n-ionnsuiḋe,” ar sé,
“agus, a Ċu Ċulainn, eiriġ as do néall, óir ní coṁrac aen
ḟir do ḃéaraid dúinn feasta ó do ṫuit Feirdia leat.”
“Is miṫid doṁ-sa eirġe feasta,” arsa Cú Ċulainn,
“ód’ ṫuit Feirdia liom,” ar sé, “ba ḋursan duit naċ neaċ
ró-ḟeidir mo ċeirt-ġníoṁarṫa gaile agus gaisce-se d’agallais
le teaċt ċugainn. Ba ḋursan leat naċ le Laeġ mac Rianġaḃra
do rinis coṁairle an ċoṁraic seo. Ba ḋursan duit naċ ar
aiṫeascaiḃ fíor-ġlana Fearġuis mic Róiġ d_ḟaoṁais. Ba
ḋursan duit naċ é Conall caṫḃuaḋaċ Cearnaċ ba ċoṁairleaċ
ort; óir is iad-san ró-ḟeidir mo ċeirt-ġníoṁarṫa gaile
agus gaisce-se. Agus, a Ḟeirdia,” ar sé, “is mór an
ḃroid agus an t-éigean do raideadar, Connaċtaiġ, ort
mar go dtáinig tú do ċoṁrac liom-sa ar ṁór-Táin Bó
Cuailgne, giḋeaḋ ní ḃfuaireas riaṁ coṁrac is mó do ċuir
orm ioná an coṁrac so agus coṁrac Conlaoiċ m’aon ṁac
féin.”
“A Laeġ ṁic Rianġaḃra,” arsa Cú Ċulainn fós, “noċt
Feirdia feasta, agus bain a arm agus a éide ḋe go ḃfeicinn
an t-eó óir a ṫug Meaḋḃ dó ċum coṁraic liom féin.”
Do rin Laeġ aṁail aduḃraḋ leis, agus ṫug an dealg i
láiṁ Ċon Culainn, agus gaḃas Cú Ċulainn ag nualġuḃaḋ deór
ós cionn Feirdia, agus aduḃairt an laoi seo:
|