32 RUḊRAIĠEAĊT
“Ar ċleasaiḃ,” ar Conall.
Is annsoin do riaċt Cú Ċulainn d’ionsuiḋe an ṁacaoiṁ
agus focṫas a ainm agus a ṡloinne ḋe. Aduḃairt an macaoṁ
gur geis dó gan a ṡloinne do ḋéanam dó-san ná d’aon eile
ar doṁan.
“Má’s eaḋ, taḃair comrac doṁ-sa ó naċ ḟaoṁaḋ d’ainm
ná do ḋloinne ḋom.”
“Do ġeoḃair do ṫoil,” ar an macaoṁ.
Iarsoin do cóiriġeaḋ láṫair iomġona aca, agus do ċuadar
i n-aṫlaiṁe ar a gcleasaiḃ gaile agus gaisce; agus giḋeaḋ
ċuadar, ní raiḃ ar gcumas neaċ díoḃ fuiliuġaḋ ná foir-
ḋeargaḋ ar a ċéile ar ḟeaḃas a sáir-ḟeicseana agus ar
lúṫṁaireaċt a láṁaiġ. Do ċuir siad na cleasa soin uaṫa
iarsoin agus do ġaḃdar a gclaiḋṁte iomḃuaileaċa i n-a
láṁaiḃ agus d’ḟearadar coṁraċ fearaṁail fíoċḋa fuilteaċ
faoḃraċ le ċéile, agus do ḋruid siad i ndúire agus i ndéine
an ċoṁraic. Agus do ḋíoṫláiṫriġeaḋ Cú Ċulainn ionnus
gur ṫug trí troiġṫe ar gcúlaiḃ agus trí in ḃeaḋa a ċleas ar
n-a ḃuaiḋreaḋ an ċéadóir agus trí innḃeaḋa ar ċriṫnuiġaḋ
a ċuirp go mór. Ní raiḃ aċt taiḋḃsiḋe beaga d’a neart ann.
Is annsoin aduḃairt Cú Ċulainn: “A ṁacaoṁ ,” ar sé
“tiaġam ar an áṫ so ṡíos seal eile ċum an ċoṁraic.”
Agus is uime d’iarr Cú Ċulainn leis ċum an áṫa é d’inneall
cleasa soin an Ġai Bulga ó naċ fuair baoġal ná easba ar a
ċleasaiḃ gaile ná gaisce. Mar do rángadar ar an áṫa,
aduḃarit Cú Ċulainn le Laeġ mac Rianġaḃra .i. a ġiolla féin,
dul i leas an Ġai Bulga d’inneall dó.
“Dá mbuaḋ tualaing tusa do ḟreastal nó do ḟrioṫálaṁ.”
ar Laeġ, “do ḋéanfaiḋe a inneall liom-sa ar an láṫair seo.”
“Isam tualaing,” ar Cú Ċulainn. Leis sin do ṡoiċ
Laeġ an bánġae bulga tré san ḃforġaḃáil uisceaḋa d’ionsuiḋe
Ċon Culainn. Cóiriġios Cú Ċulainn i laḋar a ċoise deise é
go deaġ-ṫapa, agus do diuḃraiġ uaiḋ d’ionsuiḋe an ṁacaoiṁ
ċleas-innillte agus marḃṫa gaċa tréin-ḟeir agus treascarṫa
gaċa tréan-ċuraḋ agus géir-éirleaċ gaċa gaisciḋiġ. Agus
níor ġaiḃ daingean ná deiġ-éide leis an gcleas n-iongantaċ
neaṁ-ċaointeaċ soin go dtárla go tubaisteaċ traoċaṁail
an tréan-ġae sin i n-íoċtar bruinne bléin-ṁíne bláiṫ-ġile
ar feaḋ a inneaḋa agus a árann agus a ċléiḃ ’san gcaiṫṁíliḋ.
Do rug deiċ n-uranna fiċead fada fír-niṁneaċa tré n-a
|