OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN 31
níor ḃ’ḟearrde a ṫosca soin, óir ní ḋearna an macaoṁ a
ṡloinne ḋó, agus fós do ċuir na craipill ċéadna air. Cioḋ
traċt, do ċuireaḋar, Ultaiġ, trí caogaid d’a ndeaġ-laoċaiḃ
ċuige, agus do ċeangail an t-ógṁacaoṁ iad uile. Ód’
ċonnairc Conċuḃar san, do ġaiḃ eagla ṁór é iar ḃfeicsin
curaḋa agus caiṫṁíleaḋa na cóige iar n-a gceangal agus
ar n-a gcuraḋ-ċuibreaċ.
Cuireaḋ Breicne mac Cairbre d’ionsuiḋe Ċon Culainn
iarsoin go Maiġ Muirṫeiṁne mar a raiḃ ag imirt cleas i
ḃfiaḋnaise a ṫeaġlaiġ agus a ṁeic rioġḋa agus róḟlaṫa ar
ḟaiṫċe Ḋúna Dealgan an ḟarraiḋ. Do riaċt Breicne d’a
ionsuiḋe, agus d’innis dó laoċra uile Ulaḋ do ḃeiṫ ’san
éigean soin ag aon ṁacaoṁ áluinn iolḃuaḋaċ i dTráiġ na
dTréin-ḟear agus go dtángadar i leas a ḃfóirṫin dó-san.
Do ċualaiḋ Eiṁear .i. bean Ċon Culainn tuarasgaḃáil an
ṁacaoiṁ roiṁe sin agus aduḃairt le Coin Ċulainn gan dul d’a
ionsuiḋe, agus dá ndeaċaḋ go ḃfaġaḋ féin olc, no go ndiong-
naċ gníoṁ buḋ olc leis. Agus do ḃí Eiṁear ag a ḟostaḋ,
agus do ġaiḃ lán a dá láṁ d’eangaiḃ an ḃruit uaine a ḃí ar
Ċoin Ċulainn. Aċt tairngios Cú Ċulainn eiteaḋa an ḃruit
ċuige agus lingios i n-a ċarbad, agus do riaċt gan ṁoill
mar a raḃdar Ultaiġ. Fearas Conċuḃar fíorċaoin fáilte
roiṁe agus aduḃairt go ráinig leis teaċt i leas a ḃfóirṫin
do’n ċur soin.
Ód’ ċonnairc Cú Ċulainn curaḋa is caiṫṁíleaḋa na cóige
i gceangal agus i gcruaḋ-ċuiḃreaċ d’aṫruiġ a ċruiṫ agus a
ċaoindeilḃ agus d’iompuiġeadar, a inneaḋa inṁeaḋaonaċa,
i n-a ċorp, agus do ṡiaṫḃradar a ruisc agus a raḋarc agus a
ḋreaċ áluinn daṫaṁail go mbuḋ léor d’aḋḃar uaṫḃáis ḃeiṫ
ag feáċaint an tilleaḋ siaṫḃarṫa do ḃeireaḋ orṫa le huair
na n-airḋean soin aṁail do ċlaoċluiġ a ċruiṫ agus a ḋeilḃ a
innscne agus a urlaḃra le uaṫḃás an ġasciḋiġ iongantaiġ
anaiṫnid sin.
“Dar linne, a Ċú Ċulainn,” ar Conall Cearnaċ, “is laoċ
naċ láṁaċfar an laoċ soin agus is ainṁeasarḋa a ġníoṁarṫa
gaile agus gaisce um ṫarcuisne do ṫaḃairt orainn, agus
mar ṫugamair táir agus tarcuisne air-sean is orainn ḟein
do himreaḋ meallaḋ agus mearaiḋeaċt d’a ċionn fé ḋeoiḋ.”
“Ní’l aċt bás doṁ-sa dul d’a ionsuiḋe,” ar Cú Ċulainn,
“aċt munab ar ċleasaiḃ do ṁeall siḃ.”
|