24 RUḊRAIĠEAĊT
leigeaḋ isteaċ iad, agus d’ḟear Aoḋ Ruaḋ go fíorċaoin-
fáilte rómpa.
Dála na hinġine, ṫáinig d’ionsuiḋe dúna a haṫar.
“Créad soin, a inġean?” ar an rí. “An tuirse ġaiḃ
tú le ḃeiṫ ag feiṫeaṁ na tráġa?”
“Ní heaḋ,” ar an inġean, “aċt aon ṁacaoṁ dom’ riaċt
agus dom’ anacal, agus do ṁairḃ sé trí ṁic Ċalatroim, agus
is de’n ḃuiḋin úd ṫall é, mar ṡaoilim; agus eirġiḋṫear
uait-se i gcionn do ċíosa, agus tugtar ċuġat é,” ar an
inġean leis an riġ.
“Beir buaiḋ agus beannaċt,” ar an rí; “is maiṫ na
scéala innisios tú.” Agus do ċuir duine ar ċeann a ċíosa,
agus tugaḋ ċuige é.
Is annsoin aduḃairt Aoḋ Ruaḋ leis an mbantraċt a ḃí
ar ṡlios an dúna: “Eirġiḋ go luaṫ, agus deiniḋ uṁalḟosaiġ
agus foṫragaḋ do na ridireaḋaiḃ ó Éirinn.”
D’eiriġeadar annsoin an ḃantraċt beól-ċorcra agus
fionn-ṁná an dúna, agus do ṫéiġeadar uisceaḋa ḋóiḃ, agus
do cóiriġeaḋ daḃċa ḋóiḃ, agus do glanaḋ soiġṫiġe ḋóiḃ,
agus d’ḟáiltiġ bean fé ḋeoiḋ roiṁ gaċ fear díoḃ. Agus
is í d’ḟáiltiġ roiṁ Ċoin Ċulainn .i. Aoife inġean Aoḋa
Ruaiḋ. Ṫárṫuiġ sí a láṁ i n-a láiṁ ḟéin. “Mór é cuid
gaile is gaisce na láiṁe seo,” ar sí.
“Créad soin, an inġean?” ar Aoḋ Ruaḋ. “An aiṫne
ḃeirir ar an macaoṁ?”
“Is eaḋ,” ar an inġean, “óir is é do ṁairḃ triúr mac
Ċalatroim agus do ḃain mise a broid agus a deacair.”
“An fíor súd a óga?” ar Aoḋ Ruaḋ. “An raiḃ aon
duine d’ḃur muinntir i nḃúr n-easba ná i nḃur ndiaiḋ?”
“Do ḃí,” ar siad. “ Cú Ċulainn annsúd do ċuaiḋ ag
marḃaḋ éanluiṫe re bórdaiḃ na mara, agus rug orainn sul
rángamair an dún.”
“An é seo an Ċú Ċulainn atá iomráiḋte i nÉirinn agus ar
feaḋ na hEórpa?” ar Aoḋ Ruaḋ.
“Is é,” ar siad-san.
“Ag súd duit an cíos do ċosnaṁuis,” ar Aoḋ Ruaḋ,
“agus m’inġean i maille ris.”
“Ort do ċol agus do ċontraċt,” ar Feridia mac Duḃáin.
“A Ċú Ċulainn, noċan roiċ blaḋ éinne d’a mbeaḋ ar aon
tsliġe leat go bráṫ, óir is blaḋ agus nós duit an comrac
|