OILEAṀAIN ĊON CULAINN 19
dtugaḋ na trí cleasa ḋuit naċ dtug do neaċ riaṁ roṁat.
Agus is iad so na trí cleasa .i. cleas Cuair, cleas Cáiḋ,
agus cleas Fuaraċta.” “Dá ſaoilfinn-se iad san uile do ḃeiṫ
fíor, ní ċuirfinn-se as so ṫú anoċt.” Agus d’ḟiafruiġ
ar n-a ḃáireaċ di cionnus do ġeoḃaḋ na cuṁṫa geallaḋ dó.
“Do ġeoḃair aṁlaiḋ so,” ar sí .i. “raċaiḋ mo ṁáṫair
indui d’agallaṁ na ndéiṫe aḋarṫa d’a gcredeann agus
cliaḃ curaḋ fúiṫe i nDroiċead an Éallta; agus ar diṫ
airm raċaiḋ ann. Teagṁaiḋ-se ḋi i n-éagmuis a hairm agus
a hioḟaoḃair, agus bainfir na cuṁṫa soin di. Noċt do
ċlaiḋeaṁ ós a cionn, agus abair go mbainfir a ceann di aċt
muna dtugann duit na cuṁṫa ſirfir uirṫe.”
“Do ċuaiḋ Scaṫaċ ċum an droiċid iarsoin, agus ġluais Cú
Ċulainn amaċ i n-a diaiḋ, agus níor ṁoṫuiġ Scaṫaċ éinniḋ
go raiḃ Cú Ċulainn le n-a hais agus claiḋeaṁ coilgḋíreaċ ós
a cionn. Ód’ ċonnairc Scaṫaċ ſan .i. taiṫneaṁ agus taiḋḃle
an ċlaiḋiṁ idir í agus an grinneall, silleas ós deasárd a
gualan.
“Créad soin, a macaoiṁ?” ar sí.
“Maiṫ liom bás d’imirt ort,” ar Cú Ċulainn.
“Is fearr mé anacal ’ná soin,” ar sí, “agus cuṁṫa
maiṫe d’ḟaġáil uaim.”
“Abair na cuṁṫa,” ar Cú Ċulainn.
“Cá cuṁṫa is áilne leat?” ar sí.
“Trí cleasa atá agat naċ deanais do ḋuile eile riaṁ,”
ar Cú Ċulainn.
Geallas Scaṫaċ na cuṁṫa san dó; agus do ḃí cáirdeas
na ríoġna ó ṡoin amaċ aige go ceann bliaḋna.
Ceileaḃras Cú Ċulainn iarsoin do Scaṫaiġ agus d’a hinġin,
agus ní haiṫreitear a scéal go ráinig Dún Aoife ’san Ġréig
agus a tuarasgaḃála. D’ḟear sí fáilte roiṁ Ċoin Culainn,
agus ṫug gráḋ do-ḟulaing dó; agus is luaṫaide do ḃí diċeall
a foġlama aige é, agus d’ḟan ann ar feaḋ na bliaḋna gur
ṫiomain ceileaḃraḋ ḋi.
“Maiṫ tráṫ,” ar sí; “ní ċoir d’ḟear do ṁeanma-sa
imṫeaċt go mbaḋ fear foṁṫa tú i sna cleasaiḃ ridireaċta
go coitċeann.”
“An é naċ fear froṁṫa mé ċeana?” ar Cú Ċulainn.
|