18 RUḊRAIĠEAĊT
láir agus ṫug béim eile dó gur ḃain an ċos ḋeas de, agus
ṫug an treas ḃéim gur ḃain an ċos a ḃi ag iomḟulaing a
ċuirp uaiḋ, agus do ṫuit iarsoin agus a aġaiḋ ar Ċoin
Ċulainn. Agus ṫárla a ċláirḟiacal meaḋonaċ i mullaċ
ġualan Ċon Culainn, agus níor ḟágaiḃ feoil ná finn-leaṫar
ó ṁullaċ a ġualan anuas go ndeaċaiḋ ṫar barr a ṁeoire
meaḋoin síos de, agus b’é sin ċéad-lomraḋ Ċon Culainn le
láiṁ.
Iarsoin do ḃain Cú Ċulainn an ceann de Ċuar mac Scaṫaiġe,
agus ṫug urċar de i ḃfiaḋnaise a ṁáṫar. “An aiṫnid
díḃ an ceann soin?” ar seisean.
“Do ḃeirim aiṫne air,” do ráiḋ Scaṫaċ, “agus is truaġ
an gníoṁ duit-se, a ṁacaoiṁ, aḋéanaṁ; agus tair isteaċ
go ló go ndéantar leaba ḋuit im’ ṡeómra féin go ndéantar
do leiġeas liom-sa.”
“Raċad,” ar Cú Ċulainn, ”giḋbé olc maiṫ leat-sa é.”
Do rineaḋ leaba ḋó iarsoin, agus do gaḃaḋ ar a leiġeas
inte. Is annsoin do ċuaiḋ Uaṫaċ inġean Scaṫaiġe d’ionsuiḋe
Ċon Culainn.
“Créad soin uait a inġean?” ar Cú Ċulainn. “An
é naċ ḃfuil a ḟios agat gurab caill geasa do gaċ neaċ a ḃíos
i n-oṫaras teaċt i gcaoṁṫaċt mná?”
“An í sin coṁairle do ġniḋir-se?” ar sí.
“Is í go deiṁin,” ar Cú Ċulainn.
Leis sin d’iompuiġ an inġean ar a cúlaiḃ, aċt níor ḃ’ḟada
gur ḟill d’ionsuiḋe Ċon Culainn, agus ṫug láṁ ṫar a braġaid.
“Créad soin uait a inġean?” ar Cú Ċulainn in aṫ-uair.
“Mise,” ar sí, “iar dteaċt arís dod’ ionsuiḋe.”
“Iompuiġ ar do ċúlaiḃ arís, óir do ġeoḃair dímbriġ
agus easonóir ar son na tosca soin,” arsa Cú Ċulainn.
“Noċan é sin do ṡaoileas,” ar an inġean.
Do ċuaiḋ an inġean d’ionsuiḋe a hiomaiḋe féin iarsoin;
aċt níor ḃ’ḟada go dtáinig an treas feaċt d’ionsuiḋe Ċon
Culainn.
“Is fearr liom,” ar Cú Ċulainn, “tú do ċur uaim.”
“Do ṁaiṫfinn san duit, aċt gan mo ṡíor-ċur uait,”
ar sí; “agus do ḃéara mé cuṁṫa suairce séiṁiḋe ḋuit ar
mo leigean agat.”
“Abair na cuṁṫa soin,” ar Cú Ċulainn.
“Do ḃraiṫfinn mo ṁáṫair duit,” ar an inġean, “go
|