DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 103
ṫáinig Éiṁear amaċ, agus is eaḋ aduḃair: “Mór ceann iad,
agus fáilte roṁat, a riġṁíliḋ. Ní bás dom’ Ċoin créaċt
iomḋa na hEaṁna ó ṁaireas fear dioġalta fala d’Ultaċaiḃ
d’a éis. Déantar a aḋlacaḋ feasta, agus leigtear mise im’
ionad-sa i n-a ḟoċair ’san uaiġ, óir is duḃaċ doṁ-sa marṫain
d’a éis. Agus innis dom cia hiad d’uaisliḃ fear nÉireann
ar na biorċuailliḃ i dtimċeall na faiṫċe.” Annsoin do rin
Éiṁear an laoi, agus do ḟreagair Conall í mar leanas:
A Ċonaill, cia leó na cinn
Ó’s dearḃ linn gur ḋeargais d’arm
Na cinn seo ċím ar an ngad
Sloinntear leat fios a n-ainm.
A inġean oiḋearc na n-eaċ,
A Éiṁear na mbreaṫ mbinn,
Is i ndioġail Ċon na gCleas
Ṫugaṡ ċuġat andeas na cinn.
Cia an ceann mallaċtaċ mór?
Dearg mar rós a ġruaḋ ġlan
Is é is neasa ḋom’ leiṫ ċlí,
Ceann an tsaoi nár ṫréiġ a ḋaṫ.
Ceann rioġ Miḋe na n-eaċ mear,
Earc mac Cairbre na ngruaḋ ndearg,
Is i ndioġail mo ḋaltáin féin
Ṫugas i gcéin a ċeann dod’ ḟarraḋ.
Cia an ceann so dom’ leiṫ ċlí?
Dearg a lí, gan loċt a ḋealḃ
An ceann ciḋ ṫárla gan ċorp
Maiṫ liom cé holc le Meaḋḃ.
Máine mear ó meaiġ na n-eaċ,
Mac Meiḋḃe do ċreaċ gaċ cuan,
Do scaras a ċeann le n-a ċorp,
Liom-sa fós do ṫuit a ṡluaġ.
|