DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 101
n-aonar, buḋ ṁaiṫ liom mo ṫuras agus mo ṫoisc i nÉireann do
ḋioġail Ċon Culainn oraiḃ. A Ċeann Ḃioraiḋe, is buiḋeaċ do
ḃeinn díot-sa aċt an ceann úd do ḃreiṫ go hEaṁain Maċa;
agus is faoiġleaċ lán-lúṫġáireaċ do ḃeid bantraċt agus
banḟlaṫa, maiṫe agus mór-uaisle Ulaḋ a ḟeicsin,” agus
aduḃairt an laoi:
Ní heaḋ ná cáirde rom-ċar
Ṫeagṁas dom ó táim im’ aonar;
Ba foirḋearg an féar d’a ḃfuil
Fágfad a mbéil fá ċonaiḃ.
Béarad-sa ḃur gceinn ba ṫuaiḋ
A ċlanna Ċailitinn ċruaiḋ
Tuitfiḋ siḃ liom gan taise
Do niṁ ċruaiḋ mo ċúlġlaise.
Gaċ ar marḃaḋ liom uile
Idir ṁaiġ ṁín agus mire,
Mór is fearr liom an linn seo
’Ná ar ṁarḃas dem’ ċoṁḋaoine.
Annsoin do ġluais Conall roiṁe go díreaċ dásaċtaċ
d’ionsuiḋe na teine, agus d’eirġeadar na haimidiḋe ainṁeaċa
uaṫḃásaċa san ar aonċosaiḃ agus ar aonláṁaiḃ, agus do
ġaḃdar go fraoċda fír-niṁneaċ ag tuargain agus ag lán-
ḃualaḋ Ċonaill, agus do ġaiḃ an rioġlaoċ, Conall, d’a gcoṁ-
ṫuargain san go ḃrioġṁar boirb-neartṁar do ḃrad-ḃuillíḃ
buan-ṁarḃṫa ionnus gur ḃain na sé cinn ainṁeaċa aiṫiseaċa
ḋíoḃ, agus gur ċuir ar an ngad iad.
Ṫaínig Conall roiṁe ’san tsliġe iar mbreiṫ buaḋ-ċoscair
ċlainne Cailitinn, go ráinig Maġ Airgeadrois, agus ṫar
glaise ċruinn ris a ráiḋtear Glaise Ċró indiu. Do ċonnairc
sé na caṫa ceangailte cóiriġṫe fá n-a ċoinne féin, agus is
iad do ḃí ann .i. Connla coṁḋalta Luġaiḋ mic Ċonroi agus
móir-líon teaġlaiġ Luġaiḋ maraon leis. D’ionsuiḋeadar
féin agus Conall a ċéile, agus do rineadar urlaiḋeaċt
aḋḃal-ṁór ainṁeasarḋa agus gleó gáiḃṫeaċ grod-ḃuailteaċ
dian-ṁasluiġṫeaċ, agus do b’é críoċ agus foirċeann an
imris sin naċ deaċaiḋ aenneaċ díoḃ as gan marḃaḋ munab
i ngealtaċt é gur ṫuiteadar uile de ḃoirb-ḃéimeanaiḃ
Ċonaill.
|