100 RUḊRAIĠEAĊT
ḟágḃáil do Luġaiḋ mac Conroi i ḃforḟaire ar Ċonall. D’ion-
suiḋ cáċ a ċéile ḋíoḃ gan ċoigil, agus ṫug Conall béim go
niṁ do Ċonlaoċ gur ḃain an ceann d’a ċolainn agus gur
ċuir ar an ngad é. “Dar mo ḃréiṫir,” ar seisean, “is
maiṫ liom mac Faṫaṁuin do ḃeiṫ i gcosair cró im’ ḟiaḋnaise,
agus a ċeann do ḃeiṫ ar iomċur agam.” Agus do ḃíoḋ
Ceann Bioraiḋe ag goid na gceann de’n ġad i ndóiġ gur móide
do ḋéanfaḋ Conall éaċta, óir ba ḋearḃ leis naċ stadfaḋ
Conall go líonaḋ an gad de ċeannaiḃ.
Annsoin gluaisios Conall roiṁe go cróḋa calma caṫḃuaḋaċ,
agus an t-eólas i n-ar ġaiḃ ṫárla Cuileann Breaġ ḋó. Ba
ṫréin-ḟear teann treas-ḃorb an fear soin, giḋeaḋ do ḋiṫ-
ċeannaiḋ Conall é, agus do ċuir a ċeann ar an ngad, agus do
ġaiḃ ag marḃaḋ a ṁuinntire go ndearna aon ṁaḋm anḃuainn-
eaċ d’a riaḃ roiṁe; agus do ġaiḃ ag maoiḋeaṁ an ċinn do
ḃeiṫ ar a ċumas féin aige, agus aduḃairt:
Cuileann Breaġ ó ḃruaċ Miḋe
Atá sunn ’n-a luiġe gan gó
Cé do claoċlaḋ a ḋealḃ ’s a ḋreaċ
Is tearc neaċ do b’ḟearr cloḋ.
Cuileann Breaġ ó ḃruaċ Miḋe
Atá sunn ’n-a luiġe fá ċró
Noċa ṫaraill fíoḋ ná cruaċ
Ceaṫrar laoċ ba ċoṁlann dó.
Ṫáinig Conall roiṁe iarsoin go Fíoḋ cró Caoiṁe, agus
do ċonnairc deataċ mór do leaṫ-taoiḃ na feaḋa i gcoṁḟogus
dó. “Is fíor soin,” ar seisean; “dream éigin d’ḟearaiḃ
Éireann atá annsúd agus cuid de ḃuaiḃ agus de ḃraiġdiḃ
Ulaḋ aca ann.”
Téid Conall d’ionsuiḋe na teine, agus is iad do ḃí ann .i.
clann Ċailitinn, agus mar do ċonnarcadar, na haimidiḋe
aḋuaṫṁara urġránda soin, Conall d’a n-ionsuiḋe do ċriṫ a
gcroiḋṫe i n-a gcliaḃ roiṁe. Giḋeaḋ, níor ġaiḃ criṫ ná
uaṫḃás Conall cé gur aiṫin guraḃ iad a ḃioḋḃa agus a eas-
ċáirde do ḃí ann .i. clann ċoirpṫe Ċailitinn. Aċt is eaḋ
aduḃairt ar n-a ḃfeicsin dó .i. “Do ḃeirim a ḃuiḋe le sna
déiṫiḃ d’a n-aḋraim breiṫ oraiḃ, óir ní ṫárla liom riaṁ ar
muir ná ar tír dream is fearra liom d’ḟaġáil ’ná siḃ. Agus
gion ná tuitfeaḋ liom d’ḟearaiḃ Éireann aċt siḃ i nḃur
|