san a rugaḋ an Leanḃ Íosa an ċéad Oíċe
Nollag fadó.
Ḃí an t-asal agus an daṁ sa stábla. Deir
an sean-scéal go dtáinig caint dóiḃ agus
gur laḃradar leis an Leanḃ.
“ A Ṁáistir,” arsa an daṁ leis, “ treaḃ-
fad-sa na goirt duit. Fásfaiḋ arḃar sna
goirt agus beiḋ sé mar ḃia agat.”
“ A Ṁáistir,” arsa an t-asal, “ iompród-
sa ar mo ḋrom Tú. Ḃéarfad saor ón naṁaid
ṫú.”
Laḃair an tseamair go huṁal.
“A Ṁáistir,” ar sise, “ní fiú mé go
luífeá orm. Níl ionam aċ planda gránna
garḃ.”
Ḋein an Leanḃ mionġáire leis an ndaṁ
agus leis an asal agus leis an seamair.
Leis sin ṫáinig duilleoga glasa agus
bláṫanna cuṁra ar an seamair. Ḃí leaba
ḃog ḃláfar ag an Leanḃ le luí uirṫi.
Deir an sean-scéal gurb é sin an fáṫ go
dtagann bláṫanna deasa cuṁra ar an
seamair sa tsaṁraḋ agus go ḃfuil trí
duilleoga uirṫi riaṁ ó ṡoin in onóir do Ḋia
agus don Tríonóid Ró-naofa.
|