Planda beag deas is ea an tseamair.
Bíonn trí duilleoga ar gaċ aon ġas di.
Bíonn bláṫanna bána agus bláṫanna dearga
uirṫi sa tsaṁraḋ. Bíonn bolaḋ cuṁra ó na
bláṫanna. Is maiṫ agus is milis leis na
beiṫíġ í.
Deir an sean-scéal naċ mar sin a ḃí an
tseamair fadó. Ní raiḃ inti i dtosaċ aimsire
aċ planda gránna garḃ. Ní iṫeaḋ aon
ḃeiṫíoċ í aċ aṁáin an beiṫíoċ go mbeaḋ
ocras air agus gan éinní eile le fáil aige.
Deir an sean-scéal gur mar seo a ṫáinig
na bláṫanna deasa cuṁra ar an seamair:
Ḃí feirmeoir sa Doṁan Ṫoir fadó. Fear
boċt ab ea é. Ní raiḃ aige aċ aon ṗáirc
aṁáin. Droċṫalaṁ a ḃí sa ṗáirc agus gan
éinní ag fás inti aċ seamair.
Lá breá saṁraiḋ ḃain an fear boċt an
tseamair agus leaṫ sé amaċ fén ngréin í.
Nuair a ḃí sí tirim ḋein sé cruaċ ḃeag di
in aice an tí.
Lá fuar geiṁriḋ ṫug sé an tseamair isteaċ
sa stábla. Ċuir sé sa ṁainséar í mar ḃia
don daṁ agus don asal.
Ṫáinig Beirt ċun an stábla an oíċe sin-
Beirt ná raiḃ slí ḋóiḃ sa tiġ ósta. Sa stábla
|