Ḃí fear boċt ina ċónaí i dtiġ beag ar ṫaoḃ
cnoic. Ḃí caoire ar an gcnoc aige agus ḃíoḋ
sé ag taḃairt aire ḋóiḃ. Ḃíoḋ a ḃean ag
obair istiġ sa tiġ. Ḃíoḋ an tiġ go deas glan
aici agus ċuireaḋ sí paistí néata ar éadaí
na leanaí. Ḃíodar boċt, aċ ḃí cion acu ar a
ċéile agus ḃíodar sásta leis an saol.
Lá aṁáin, ċonaic an fear fia beag bán
ar an gcnoc.
Riṫ an fia suas an cnoc agus lean an fear
é go dtí go ḃfuair sé é féin in áit ná faca sé
riaṁ roimis sin. Ḃí carraig ard ann agus
doras ar ṫaoḃ na carraige. Riṫ an fia
isteaċ an doras agus lean an fear é.
Pálás Banríon na gCnoc a ḃí ann. Ḃí an
Ḃanríon ina suí ar ċaṫaoir óir ann.
D’uṁlaiġ an fear boċt di.
“ Ná bíoḋ eagla ort,” ar sise. “ Tá sean-
aiṫne agam ort. Bím ag féaċaint ort ag
obair ar an gcnoc. Ċuireas teaċtaire uaim
ċun tú ṫaḃairt anso. Féaċ id ṫimpeall,’’
ar sise. “ Innis dom cad é an rud is deise
a ċíonn tú anso.”
D’ḟéaċ an fear ina ṫimpeall. Ḃí brat
breá ar an urlár. Ḃí éadaí geala ar na
|