fallaí. Ḃí seoda luaċṁara ar an ndíon.
D’ḟéaċ an fear orṫu go léir.
“ Is mó rud luaċṁar anso agat, a
Ḃanríon,” ar seisean, “ aċ is é an bláiṫín
gorm san id láiṁ an rud is deise orṫu
go léir.’’
“ Tá an ceart agat,” arsa an Ḃanríon.
“ Taḃarfad síol an ḃláṫa san duit. Cuir
sa talaṁ é nuair a raġair aḃaile.”
Ġlac an fear boċt an síol uaiṫi agus ṫug
sé buíoċas di.
Ċuir sé an síol sa talaṁ. Nuair d’ḟás an
síol ḃí brat de ḃláṫanna gorma ar an
bpáirc. Bláṫanna lín a ḃí iontu.
Ṫáinig an Ḃanríon agus ṫaispeáin sí don
ḃfear boċt conas lín-éadaċ a ḋéanaṁ de.
Ḃí an lín-éadaċ ċoṁ mín le síoda agus ċoṁ
geal le sneaċta.
Ní ḟaca éinne san áit lín-éadaċ roimis sin.
Ṫángadar á ċeannaċ agus ṫugadar airgead
maiṫ air. Ċuir an fear síol an lín arís an
ḃliain ina ḋiaiḋ san. Níorḃ ḟada go raiḃ
sé féin agus a ḃean saiḃir go maiṫ.
“ Tá ór agus airgead anois againn,” arsa
an fear. “ Aċ nuair a ḃíonn an líon fé
ḃláṫ níl rud ar doṁan is deise ná é.’’
|