Má ḃraiṫeann sé éinní ċuige tarraingíonn
sé a ṡúile isteaċ sna haḋarca-áit naċ baol
dóiḃ.
Ní ḃíonn aon deaḃaḋ riaṁ ar an seilmide.
Snáṁann sé roimis go mall, riġin dó féin.
Má ḃíonn duine an-ṁall ann féin deirtear
go ḃfuil sé ċoṁ mall le seilmide.
---
BEANNAĊT
Beannaċt an Linḃ
A rugaḋ um Nollaig,
Is beannaċt Ṁuire
Mar aon leis,
Go dtaga san oraiḃ
I gcaiṫeaṁ na Nollag,
Is beannaċt go deireaḋ
Do ṡaoil ort.
|