Dá mbeaḋ ort-sa do ṫiġ a ḃreiṫ leat ar
do ḋrom gaċ aon uair a ḃeifeá ag dul amaċ
ag siúl, ní ró-ṡásta a ḃeifeá leat féin. Sin
é an rud a ḋeineann an seilmide.
Plaosc ċruaiḋ is ea an tiġ.
Nuair a ḃraiṫeann an seilmide éinní
ċuige sleaṁnaíonn sé isteaċ ina ṫiġ agus
crapann sé é féin istiġ, i dtreo is ná bíonn
aon ḃlúire ḋe le feiscint.
Nuair a ṫagann an geiṁreaḋ téann an
seilmide isteaċ i bpoll sa ḃfalla, dúnann sé
doras a ṫí agus téann sé a ċodlaḋ. Ní
iṫeann sé aon ḃlúire bíḋ go dtagann an
t-earraċ. Nuair a ḃíonn an ġrian ag tait-
neaṁ agus an aimsir go breá bog tagann
sé amaċ, ġeiḃeann sé billeog ṁilis ġlas agus
iṫeann sé í.
Ar a ṫeangain atá na fiacla ag an seil-
mide. Tá a lán, lán fiacal aige. Má
ċuireann tú seilmide isteaċ i bpróca, agus
billeog ġlas a ṫaḃairt dó, cloisfiḋ tú é
ag cogaint.
Tá ċeiṫre aḋarc ar an seilmide. Tá ḋá
aḋairc ḟada air agus ḋá aḋairc ġearra.
I mbarr an dá aḋarc ḟada atá na súile aige.
|