“ An dreoilín a ċuir an téad so orm,”
ar seisean. “ Fan go mbeiread greim air.”
Ḃain an crogall tarraing as an dtéid.
“ Naċ iontaċ an neart atá sa dreoilín
sin ! ” arsa an t-eileafant.
Ċaiṫ an t-eileafant agus an crogall an lá
ag tarraing i gcoinniḃ a ċéile. Ṫáinig ocras
orṫu. Ṫáinig tart orṫu. Ṫáinig tuirse orṫu.
Fé ḋeireaḋ luíodar síos agus ḋúnadar a
súile. Laḃair an t-eileafant ar ball.
“ Ḃfuilir ansan, a ḋreoilín ? ” ar seisean.
“ Táim,” arsa an dreoilín.
“ Scaoil an téad so,” arsa an t-eilea-
fant. “Ní ċuirfead isteaċ ort go deo
arís.”
Scaoil na dreoilíní an téad. D’imiġ an
t-eileafant agus a ċeann fé aige.
“ Scaoil an téad so,’’ arsa an crogall.
“ Ní ċuirfead isteaċ ort go deo arís.”
Scaoil na dreoilíní an téad agus d’imiġ
an crogall leis.
|