Ḃí Tomás ag teaċt aḃaile ón mbaile mór,
oíċe. Ḃí tuirse air agus ṡuiġ sé ar ċlaí
an ḃóṫair. Ċuala sé an rud ag corraí
laistiġ den ċlaí. Leipreaċán a ḃí ann.
Léim Tomás ṫar an gclaí agus rug sé
air.
“ Taḃair ḋom do ṗróca óir,” ar seisean.
“ Tá an t-ór i ḃfolaċ agam,” arsa an
leipreaċán. “ Tá sé curṫa fén dtalaṁ sa
ṗáirc in aice do ṫí.”
“Taispeáin dom an áit ina ḃfuil sé,”
arsa Tomás.
“ Taispeánfad,” arsa an leipreaċán.
“ Ardaiġ leat ar do ġualainn mé.”
D’ardaiġ Tomás an leipreaċán ar a
ġualainn. Ṡiúil sé leis nó go dtángadar
ċun na páirce.
“ Tá an próca óir fén ḃfeoċadán san,
féaċ,” arsa an leipreaċán.
Ḃí ciarsúir ḋearg ina ṗóca ag Tomás.
Ċeangail sé an ċiarsúir den ḃfeoċadán.
“ Taḃarfad cead do ċos duit,” ar seisean
leis an leipreaċán, “ má ġeallann tú ḋom
go ḃfágfaiḋ tú an ċiarsúir san áit ina
ḃfuil sí.’’
|