“Geallaim an méid sin duit,” arsa an
leipreaċán.
Riṫ Tomás aḃaile agus fuair sé rán.
Nuair a ṫáinig sé ṫar n-ais ḃí an ṗáirc
lán d’ḟeoċadáin agus ciarsúir ḋearg
ceangailte de gaċ aon ċeann acu.
“ Ḃuail sé bob orm,” ar seisean leis féin,
“ aċ ġeoḃad an t-ór.’’
Roṁar Tomás an ṗáirc. Ní ḃfuair sé an
t-ór. Roṁar sé an ṗáirc arís agus roṁar
sé go maiṫ í. Ní ḃfuair sé an t-ór.
“ Cuirfead arḃar sa ṗáirc,” ar seisean.
“ Beiḋ rud éigin agam de ḃarr mo ṡaoṫair.”
Ċuir sé arḃar sa ṗáirc. Ḋíol sé an t-arḃar
sa ḃfóṁar agus fuair sé airgead maiṫ air.
“ Sea,” ar seisean leis féin, “ ḃí an ceart
ag an leipreaċán nuair a dúirt sé go raiḃ
ór i ḃfolaċ sa ṗáirc.’’
|