Cu-cú ! Cu-cú ! Mise an ċuaċ.
Deir daoine gur rógaire mé. Mar sin féin
bíonn fáilte acu roṁam. Nuair a ċloiseann
siad mo ġuṫ bíonn ḟios acu go mbíonn an
saṁraḋ ag teaċt.
Is fearr an saol atá agam-sa ná ag aon
éan eile. Caiṫim an geiṁreaḋ sna tíorṫa
teo-an áit ina mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i
gcónaí. Ní ṫagaim ċun na tíre seo go dtí
go mbíonn fuaċt an ġeiṁriḋ imiṫe.
Bíonn na héin eile gnóṫaċ nuair a ṫagaim.
Bíd ag obair go cruaiḋ ag déanaṁ a
neadraċa agus ag soláṫar bíḋ dá n-ál.
Ní ḋeinim-se aon obair. Beirim uḃ i nid
éin eile agus ligim don éan san an ċuaċ óg
a ċoṫú.
Ní maiṫ leis na héin eile mé, aċ is cuma
liom. Bím ag cantain go binn ó ṁaidin go
hoíċe.
Tagann ciaċán ar mo ġuṫ i ndeireaḋ an
tsaṁraiḋ agus ní cloistear a ṫuilleaḋ mé.
Aċ fanaim sa tír seo go tosaċ an ḟóṁair.
Imím féin agus na sean-ċuaċa eile ansan.
Leanann na cuaċa óga sinn i gceann tamaill.
Naċ iontaċ mar a ḋeineann na cuaċa óga
an tslí amaċ dóiḃ féin ! Sé Dia na Glóire,
molaḋ go deo Leis, a ṡeolann iad.
|