An Spideog :
Níl fearṫain ná ceo,
Níl sneaċta ná reo,
Níl donas ná brón
In airde ar an gcrann.
Aċ cantain is ceol,
Ó ṁaidin go neoin,
Ag éanaiḃ dem ṡórt
In airde ar an gcrann.
An Cailín Beag:
Á, fan, a spideog,
Anso os mo ċoṁair,
Ná himiġ go fóill
In airde ar an gcrann.
An Spideog:
Ní ḟanfad, dom ḋóiġ,
Anso os do ċoṁair,
Aċ seo mé fé ṡeol
In airde ar an gcrann.
An Dr. P. Ó Duinnín.
|