“ Ó, ḃó, ḃó ! ” arsa Mam. “ Cad na ṫaoḃ
nár ċuiris an canna ar do ċeann ? ”
“ Déanfad san feasta,” arsa Seán.
Amáraċ a ḃí ċugainn fuair Seán obair ó
ḟeirmeoir. Nuair a ḃí sé ag dul aḃaile
i ndeireaḋ an lae ṫug an feirmeoir punt
ime ḋó. Ḃuail Seán an t-im ar a ċeann.
Ḃí an lá te. Riṫ an t-im isteaċ ina ġruaig
agus síos ar a éadan agus isteaċ ina ḋá
ṡúil.
“ Ó, ḃó, ḃó ! ” arsa Mam. “ Cad na ṫaoḃ
nár ṫugais leat id láiṁ é?”
“ Déanfad san feasta,” arsa Seán.
II
Amáraċ a ḃí ċugainn fuair Seán obair ó
ṡeanduine. Ní raiḃ éinní ag an seanduine
le taḃairt dó i ndeireaḋ an lae aċ aṁáin
an cat. Ṫug sé an cat dó.
Rug Seán ar an gcat ina láiṁ. Má rug,
scríob an cat é, agus scríob sé go maiṫ é.
“ Ó, ḃó, ḃó ! ” arsa Mam. “ Cad na ṫaoḃ
nár ċuiris ar do ḋrom é ? ”
“ Déanfad san feasta,” arsa Seán.
Amáraċ a ḃí ċugainn fuair Seán obair
ón ngaḃa. Nuair a ḃí sé ag dul aḃaile i
ndeireaḋ an lae ṫug an gaḃa asal beag
|