Ċuir sé aiteann ar an mboṫán mar ḋíon.
Ċuir sé fraoċ ann inar leaba ḋó féin. Ṁúin
sé an Creideaṁ do na daoine agus ḋein sé
Críostaiṫe ḋíoḃ.
“ Caiṫfead bia a ṡoláṫar dóiḃ anois,” ar
seisean leis féin.
Ḋein sé rán aḋmaid. Ġlan sé an fraoċ
agus an t-aiteann de ṗaiste beag talún
agus roṁar sé é.
“Tá an gort ullaṁ anois,” ar seisean.
“ Cuirfiḋ Dia an síol ċugainn.’’
Leis sin ċonaic sé spideog ċuige. Ḃí broḃ
tuí ina gob ag an spideoig. D’oscail sí a
gob agus ċan sí port bog binn. Ṫit an broḃ
tuí ag cosa an naoiṁ.
“ A ḃuí le Dia na glóire !” ar seisean.
“ Tá an síol againn.”
Dias cruiṫneaċta a ḃí ann. Ċuir an naoṁ
na gráinní sa talaṁ. D’ḟásadar agus ḃí
toraḋ maiṫ orṫu. Ḃain an naoṁ an ċruiṫ-
neaċt agus ċuir sé an grán arís san earraċ.
Ḃí goirtín cruiṫneaċta aige sa ḃfóṁar. Lean
sé mar sin ag cur na cruiṫneaċta ó ḃliain
go bliain go raiḃ gort mór maiṫ aige.
Ġlan muintir na háite an talaṁ. Ṫug an
naoṁ síol dóiḃ le cur ann agus ní raiḃ
ocras ar éinne acu as san amaċ.
|