Ḃí naoṁ ann fadó. Ḃí sé ina ċónaí i
ngleann álainn cois na farraige. Ḃí talaṁ
maiṫ sa ġleann agus ḃíoḋ cruiṫneaċt ḃuí
ag fás ann sa ḃfóṁar.
Oíċe aṁáin deineaḋ taiḃreaṁ don naoṁ.
Ċonaic sé tír ḃoċt lom, tír ná raiḃ éinní ag
fás inti aċ fraoċ agus aiteann. Na daoine
a ḃí ina gcónaí sa tír ní raiḃ aon eolas ar
Ḋia acu.
“ Caiṫfead dul ċun na tíre sin,” arsa an
naoṁ leis féin.
Ġluais sé ar maidin. Ċuaiġ sé ina ḃád
trasna na farraige gur ṡroiċ sé an tír.
Tír ḃoċt lom a ḃí inti. Is minic a ḃíoḋ ocras
ar na daoine inti.
Ḋein an naoṁ boṫán de ġéaga na gcrann.
|