“ Má ḃeirim ṫar an aḃainn tú,” arsa Conn,
“ fliuċfar mo ċuid éadaiġ. Níor ṁaiṫ liom
dul i láṫair Ḟinn ṁic Cuṁaill agus mo ċuid
éadaiġ fliuċ salaċ agam.”
D’imiġ Conn leis. Ḃí trua ag Art don
tsean-ḃean. Rug sé uirṫi ina ḃaclainn agus
ṫug sé ṫar an aḃainn í. Ḃí uisce na haḃann
ṫar guaille air agus fliuċaḋ a ċuid éadaiġ
ar fad. Léim sé ṫar an aḃainn arís.
Nuair a ṡroiċ an ḃeirt ḃuaċaillí an dún
tugaḋ i láṫair Ḟinn iad. D’ḟéaċ Fionn ar
Ċonn.
“An tú féin a ṁaraiġ an mac tíre?”
ar seisean.
“ Is mé,” arsa Conn.
“ Ba ṁór an gníoṁ é,’’ arsa Fionn.
D’ḟéaċ Fionn ar Art.
“ Cad na ṫaoḃ nár léimis ṫar an aḃainn
mar a ḋein an buaċaill eile ? ” ar seisean.
Ní dúirt Art éinní.
Ḃí fios ag Fionn. Ṫuig sé an gníoṁ a ḃí
déanta ag Art.
“ Is fearr an gníoṁ a ḋeinis-se,” ar
seisean, “ná an gníoṁ a ḋein Conn. Is
fearr gníoṁ cineáltais ná gníoṁ gaisce.
Beir-se mar ḋuine den ḃFéinn feasta.”
|