’Íosa Críost, ná himiġ uaim,
Ná himiġ uaim go deo,
Aċ fan anso in aice liom,
A ṁuirnín, ’Íosa ó.
Ná lig dom anam dul ar fán
D’oíċe ná de ló,
Aċ cuidiġ liom is neartaiġ liom,
A ṁuirnín, ’Íosa ó.
Ná lig dom ṫeangain bréag a rá,
Ná lig dom Tú a ḃreo,
Ná lig dom ḃeiṫ go héagóraċ,
A ṁuirnín, ’Iosa ó.
Is baolaċ dom an caṫú trom,
Má ṫagann sé im ṫreo:
Má ṫagann sé, ná dearmad mé,
A ṁuirnín, ’Iosa ó.
|