Ḃí éinín boċt ag siúl tríd an gcoill. Ḃí
an geiṁreaḋ ann. Ḃí sioc agus sneaċta ar
an dtalaṁ. Ḃí an fuaċt ag dul go croí an
éinín.
Ḃí a ḃráiṫre imiṫe go dtí na tíorṫa teo.
Ní ḟéadfaḋ an t-éinín dul leo mar ḃí a
sciaṫán briste, agus ní ḟéadfaḋ sé eitilt.
Ḃí a lán crann ag fás sa ċoill. Ḃí an dair
ann. Ḃí an ḃeiṫ ann. Ḃí an crann cnó
capaill ann. Ḃí an cuileann ann.
Laḃair an t-éinín leis an ndair.
“A ḃean uasal,” ar seisean, “tá mo
sciaṫán briste. Taḃair foṫain dom ón
ḃfuaċt, nó caillfear mé.”
|