“Má ḃeirim-se ar aon ḃacaċ díoṁaoin ag
teaċt in aice mo ḋorais,” ar seisean,
“ġeoḃaiḋ sé barr na bróige uaim, mar
seo.”
Ṫarraing sé cic ar an mbacaċ, dar leis ; aċ
ḃuail sé an galún bainne agus ḋoirt sé é
go léir.
---
SNEAĊTA
Sneaċta ar na sléiḃte,
Sneaċta ar an gcnoc,
Sneaċta sna spéarṫa
Ag teaċt anuas go tiuḃ.
Is deas an raḋarc ag teaċt é,
Ag eitilt leis an ngaoiṫ,
’S is deas an raḋarc ar fad é,
Nuair a ḃíonn sé ina luí.
Sneaċta ar na crannaiḃ,
Sneaċta ar an dtor,
Sneaċta ar an ḃfalla,
Naċ é atá go bog !
Is breá liom féin an sneaċta,
Ag titim nó ina luí,
Is nuair a ḃeiḋ sé leaċta
Beiḋ uaigneas ar mo ċroí.
Míċeál Ó Donnċaḋa.
|