“ Imiġ uaim,” arsa an dair. “ Ní ṫaḃar-
fad-sa foṫain duit.”
Laḃair an t-éinín leis an mbeiṫ.
“ A ḃean uasal,” ar seisean, “tá mo
sciaṫán briste. Taḃair foṫain dom ón
ḃfuaċt, nó caillfear mé.’’
“ Imiġ uaim,” arsa an ḃeiṫ. “Ní
ṫaḃarfad-sa foṫain duit.”
Laḃair an t-éinín leis an gcrann cnó
capaill.
“ A ḋuine uasail,” ar seisean, “tá mo
sciaṫán briste. Taḃair foṫain dom ón
ḃfuaċt, nó caillfear mé.”
“ Imiġ uaim,” arsa an crann cnó capaill.
“ Ní ṫaḃarfad-sa foṫain duit.”
Ċuala an cuileann an ċaint.
“ Taḃarfad-sa foṫain duit,” ar seisean.
“ Druid anso in aice liom.’’
Ċuaiġ an t-éinín fé ḋuilleoga an ċuilinn
agus ṫugadar foṫain dó i riṫ an ġeiṁriḋ.
Ón lá san go dtí an lá atá inniu ann
titeann na duilleoga sa ḃfóṁar den dair
agus den ḃeiṫ agus den ċrann cnó capaill.
Bíonn na crainn sin lom sa ġeiṁreaḋ.
Aċ bíonn duilleoga glasa ar an gcuileann
i gcónaí agus bíonn caora deasa dearga
air sa ġeiṁreaḋ.
|