Léim an corcán den tine agus ċrom sé
ar an dtiġ do ġlanaḋ.
“ Fan amaċ uaim,” arsa an t-éadaċ boird
leis.
Ċuimil an corcán é féin den éadaċ boird
agus d’ḟág sé marc mór duḃ air.
“ Oċón ó ! ’’ arsa an corcán. “ Trua nár
ḟanas ar an dtine !”
Ċuaiġ an stól ċun an driosúir.
“ Fan amaċ uainn,” arsa na cupáin leis.
“ Cuirfead ar an mbord siḃ,’’ arsa an stól.
Ṫit na cupáin uaiḋ agus deineaḋ smidiríní
ḋíoḃ ar an urlár.
“ Ologón ó ! ” arsa an stól. “ Trua nár
ḟanas cois tine !’’
Ḃí gaċ éinne go buarṫa brónaċ.
“ Tá na bláṫanna loitiṫe agam,” arsa an
citeal.
“ Tá an t-éadaċ boird loitiṫe agam,” arsa
an corcán.
“Tá mo ċluas briste agam,” arsa an
crúiscín.
“Tá na cupáin briste agam,” arsa an
stól.
“Níl ḟios ag éinne cad a ċlog é,’’ arsa
an clog.
Leis sin ċuadar go léir i mbun a ngnóṫa
féin arís. Ḃí deireaḋ leis an stailc.
|