Tá feirm ṁór ag Seán Ó Dí,
Caoire is ba is gaċ éinní,
Capaillín donn is láirín buí,
Muca is cráin is ál banḃaí.
Bíonn coirce is eorna ag fás ṫar claí,
Cruiṫneaċt go leor is gort prátaí,
Féar don ḃó is a lán torṫaí
A baintear sa ḃFóṁar le Seán Ó Dí.
Tá cuid ṁaiṫ cróite ar ċúl an tí-
Cró don ḃféar is cró don tuí,
Cró don ṁóin, is a dó nó a trí
I gcóir na n-éan is na n-ainṁí.
Is breá an saol a ḃíonn ag Seán,
Amuiġ fén spéir gaċ uile lá,
Ag baint an ḟéir nó ag treaḃaḋ an ḃáin,
Le ceol na n-éan is an ġrian go hard.
Míċeál Ó Donnċaḋa.
|