Ṡocraíodar go ndéanfaḋ gaċ éinne acu
obair eile feasta.
“ Taḃarfad-sa aire do na bláṫanna sa
ġairdín,” arsa an citeal.
“ Taḃarfad-sa uisce isteaċ ón dtobar,”
arsa an crúiscín.
“ Glanfad-sa an tiġ,” arsa an corcán.
“ Leagfad-sa an bord amaċ i gcóir an té,”
arsa an stól.
“ Ní ḋéanfad-sa éinní,” arsa an clog.
I I
Ċuaiġ an citeal amaċ sa ġairdín.
“ Fan amaċ uainn,” arsa na bláṫanna leis.
“ Cuirfead uisce oraiḃ, fé mar a ḋeineann
an canna,” arsa an citeal.
Scaoil sé uisce anuas orṫu. Ḃí an t-uisce
te agus loit sé na bláṫanna.
Ḃí brón ar an gciteal.
“ Ó, ḃó, ḃó ! ” ar seisean. “ Is olc an scéal
é sin.”
Ċuaiġ an crúiscín ċun an tobair.
“ Fan amaċ uaim,” arsa an tobar leis.
Ċrom an crúiscín síos ċun uisce d’ḟáil.
Ḃuail sé a ċluas ar imeall an tobair agus
ḃris sé an ċluas.
“ Mo ḃrón ó ! ” arsa an crúiscín. “ Trua
nár ḟanas istig sa tiġ !”
|