I
Ḃí stailc sa ċistin. An clog a ṫosnaiġ é.
“ Ní ḃíonn sos agam de ló ná d’oíċe,” ar
seisean. “ Tic-tic-tic ! Tic-tic-tic ! Táim
tuirseaċ de. Ní ḋéanfad a ṫuilleaḋ é.”
Stad an clog.
“ Tá an ceart ag an gclog,” arsa an
crúiscín. “Táim-se tuirseaċ, leis. Bíonn
daoine ag breiṫ ar ċluais orm. Tá tinneas
cinn orm. Ní ċuirfead suas leis a ṫuilleaḋ.”
“ Bím-se os cionn na tine ó ṁaidin go
hoíċe,” arsa an citeal. “ Táim cráite scólta
ag an dteas.”
“ Bím-se os cionn na tine, leis,” arsa an
corcán.
“ Bíonn na leanaí ina suí orm-sa,” arsa
an stól. “ Tá mo ċosa briste acu. Caiṫfead
post éigin eile d’ḟáil.”
|