Is mise an aḃa ! An eol díḃ cad as a
dtagaim nó cá ḃfuil mo ṫriall? Innseóċaiḋ
mé ḋíḃ. Éirġim as an dtalaṁ láiṁ le carraig
in áirde ar an sliaḃ. Sruṫán beag mé ṫuas
san áit sin. Is maiṫ leis na páistí ḃeiṫ ag
siuḃal ionnam agus ag léimniġ ṫarm.
Cromaim ar riṫ síos le fanaiḋ an tsléiḃe. Is
minic a ḃím tuirseaċ aċ bím ag riṫ ċoṁ mear
san ná bím ábalta stad. Castar a lan carad
orm ar an mbealaċ. Sruṫáin eile iad-san
agus riṫeann siad síos an sliaḃ liom. Bím
ag dul i méid do réir a ċéile. Is iomḋa
breac breáġ donn a riṫeann anonn is anall
ionnam. Ċím na fir agus na garsúin ag
iascaraċt. Bím ag gairiḋe nuair scuabaim
an t-iasc ċun siuḃail uaṫa.
Bím leaṫan go leor nuair ṡroisim bun an
tsléiḃe. Ní ḃíonn éinne ábalta léimniġ ṫarm
|